Cochall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:TaxoboxPlanda forleathan ilbhliantúil. An gas cearnach i dtrasghearradh, na duilleoga i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna déliopach go minic le feadán bun os cionn, an chailís le sceimheal droma sonrach cochallchruthach. Cuid mhaith cineálacha ann le bláthanna geala daite a fhástar mar mhaisiúchán. Tá cuid eile íocshláinteach, agus úsáidtear mar dheochanna athbhríocha do na néaróga iad.