Cnoc Montpelier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cnoc Montpelier
Íomhá
Sonraí
CineálSliabh
Tréith
Airde os cionn na farraige383 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°15′07″N 6°19′49″W / 53.2519°N 6.3303°W / 53.2519; -6.3303
An Club Thine Ifreann

Is cnoc é Cnoc Montpelier, 383 méadar (1,257 dtroigh) ar airde i gContae Bhaile Átha Cliath, Éire. Club Thine Ifrinn a thugtar air go hiondúil (as Béarla: Hell Fire Club), an t-ainm coitianta a thugtar ar an bhfothrach de fhoirgneamh atá suite ag mullach an chnoic. Thóg William Conolly an foirgneamh mar lóiste seilge timpeall na bliana 1725. Tugadh Cnoc PelierMount Pelier as Béarla air agus tugadh seo ar an gnoc féin leis ó tógadh an lóiste. Ní fios a thuilleadh céard é bun-ainm an chnoic ach tá Patrick Healy, staraí agus seandálaí, den tuairim go m'fhéidir gur Suide Uí CeallaigSuidi Celi mar a luaitear sa Crede Mihi (leabhar chlárúchán na ndeoisí de chuid Ardeaspaig Bhaile Átha Cliath) é, atá i gceist.

lAn Club Thine Ifreann, ó clé go dheis: Henry Barry, an Coirnéal Clements, Coirnéal Ponsonby, an Coirnéal Richard St. George, agus Simon Luttrell.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tréimhse luath-meánaoiseach, bhí an limistéar faoi cheannas Ui Ceallaig Cualann. Am éigin, bhí Sliabh Mount Pelier in eastáit cúlchríochúil an bunú manachúil, Máel Ruain, a bunaíodh i dTallacht, níos lú ná 5 chiliméadar ó thuaidh den sliabh. Scríobhadh Martarlaig Aengus, agus Martarlaig Tallacht sa mhanaistir seo. Freisin, bhí sé mar bhunáit na Céile Dé, comhphobal leasaitheach manach. Bhéadh go leor talamh de dhíth ar bhunú chomh mór sin.

Tar éis conchas na Nórmainnigh, bhí sléibhte Chill Mhantáin mar bhagairt do no coilíneacha mar go ionsóidh na fórsaí Gaelacha talamh íseal na Life agus cúlaíodh siad ar ais chun na sléibhe. Creidtear gur thóg an ridire John de Clahull caisleán i nDúndroma i 1187 le Baile Átha Cliath a chosaint.[1]

I 1615, bhí talamh Sliabh Mount Pelier faoi cheannas an chlann Loftus. Tugadh an talamh do Thomas Wharton nuair a phós sé Lucy Loftus i 1692. Nuair a fuair Thomas Wharton bás i 1715, fuair a mhac, Philip Wharton an talamh ar fad. Bhí Philip an-chonspóideach ar fad, agus mar gheall ar an saol míchuímseach, thit sé i ndroch-fiacha.

I 1723, dhíol sé an talamh timpeall ar Sliabh Mount Pelier do Liam Ó Conghaile ar 62,000 míle punt. Thóg Liam Ó Conghaile teachín ar Mount Pelier i 1725, mar lóiste seilge.

Baineadh uaigh réamhstairiúil ó chéile le lóiste seilge Liam Ó Conghaile a thógáil. Ní rófhada tar éis a críochnú an lóiste, lag stoirm mhór an díon. Creideadh gurbh an Diabhal a rinne an stoirm mar go raibh sé crosta gur lag Liam Ó Conghaile an uaigh réamhstairiúil. Chuir Ó Conghaile díon nua stuach ar an lóiste, agus d’fhan an díon sin ag seasamh go dtí inniu. Níl mórán fianaise gur úsáid Liam Ó Conghaile an lóiste mórán. Fuair sé bás i 1729.[2]

Bhunaigh Richard Parsons, an chéad Iarla an Rois, agus James Worsdale an Club Thine Ifreann i 1737. Is dócha go raibh Richard Parsons mar uachtarán an chlub. Bhí níos mó daoine eile sa chlub ar nós Henry Barry, an Coirnéal Clements, Coirnéal Ponsonby, an Coirnéal Richard St. George, agus Simon Luttrell. Ag am éigin, thosaigh an chlann Uí Conghaile ar cur an Lóiste Mount Pelier ar díol don Chlub Thine Ifreann. Níl a fhios cé mhéad ar úsáid An Club Thine Ifreann an foirgneamh. Lá amháin, déanadh dochar don fhoirgneamh le tine. Tar éis sin, bhog an Club síos an chnoic go dtí Teach Maoir Choill an Chaoich. Thosaigh gníomhaíochtaí an chlub ag laghdú, áfach.[3]

Athbeadh an Club Thine Ifreann is 1771 agus d’fhan sé gniomhach ar feadh 30 bliain eile.[4] Ba é Thomas ‘Buck’ Whaley an baill ba míchlúití sa chlub. Thosaigh cruinnithe arís i Mount Pelier, agus dár le scéal amháin, mharaigh siad agus d’ith siad iníon a bhí ag feirmeoir. Rinne Thomas Wharley aithreachas sa deireadh, agus nuair a fuair sé in 1800, díscaoileadh an Club. In 1800, dhíol an chlann Uí Conghaile Lóiste Mount Pelier go Luke White. Ansin, tríd oidhreacht, chuaigh sé go dtí an chlann Massy. Nuair a d’éirigh an chlann Massy bancbhriste, fuair an stát Lóiste Mount Pelier. Inniu, tá an foirgneamh faoi cheannas Coillte, comhlacht stáit a bhíonn ag caomhnú Coillte ar fud fad na tíre.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Neil Jackman. "The History of Montpelier Hill and the Hellfire Club | Abarta Heritage" (en-GB). Abarta Heritage Home. Dáta rochtana: 2022-02-06.
  2. "The Hellfire Club, Co. Dublin". History Ireland (2013-03-01). Dáta rochtana: 2022-02-06.
  3. "Montpelier Hill" (as en) (2022-01-30). Wikipedia. 
  4. "Hell Fire Club - An Abandoned Lodge In The Dublin Mountains" (en-US). World Abandoned (2016-11-09). Dáta rochtana: 2022-02-06.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]