Cneasú créachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cneasú créachta

Tá 5 chéim sa phróiseas cneasaithe: téachtadh na fola, glanadh na créachta, atógáil na bhfíochán struchtúrtha, atógáil an chraicinn, agus athmhúnlú an chraicinn. Feidhmíonn na pláitíní chun téachtadh na fola a thosú agus cur fola ó fhuileadáin ghearrtha a stopadh. Caomhnaíonn an fibrin sa téachtán tuilleadh ceall a fheidhmíonn sa chneasú. Feidhmíonn cealla ón gcóras imdhíonach—neodraifilí, macrafagaigh is leocaicítí—chun baictéir a chloí is cealla marbha a ghlanadh ón gcréacht. Síobann fibreablastaí go dtí ionad na créachta, agus tosaíonn siad ar fhíochán cónascach a chruthú is collaigin a bhailiú chuige sin. Ansin tosaíonn na cealla a dhéanann fuileadáin ag fás, agus deisíonn na fuileadáin. Síobann cealla craicinn go dtí an t-ionad, méadaíonn, is cruthaíonn craiceann nua. Ceanglaíonn na snáithíní collaigine chun an chréacht a iomlánú agus, ag brath ar cé chomh holc is a bhí an chréacht, colm a fhágáil sa chraiceann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cneasú créachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 150.