Cnút Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cnút Mór
Bonn le ceann Chnúit air, ó Mhúsaem na Breataine.
Cnut the Great Obverse.jpg
Cnút Mór
Réimeas Rí na Danmhairge (1018–1035), Rí Shasana (1016–1035), Rí na hIorua (1028–1035)
Dáta breithe c. 985 – c. 995, .
Áit bhreithe Ríocht na Danmhairge
Réamhtheachtaí Olaf Haraldsson
Rítheaghlach Teach Ríoga na Danmhairge
Céile Ælfgifu ó Northampton, Sasana.

Emma ón Normainn.

Bhí Cnút Mór (Sean-Lochlannais: Knútr inn ríki; c 985 nó 995 - 12 Samhain, 1035.), ina thiarna agus ghobharnóir ar Dhiúcacht Schleswig agus an Phomreáin, ina dhiaidh sin, ba rí Shasana é (ón bhliain 1016), rí na Danmhairge (1018), agus rí na hIorua (1028).

Mac an rí Svein Tjugeskjegg (nó 'Sven na Féasóige Gabhlaí' i nGaeolge) ab ea é, a raibh ina chomhalta de Lochlannaigh Jomsborg, ord míleata a bhí tráth lonnaithe sa Pholainn, mar atá inniu ann. Léiríonn staraithe neamhchinnteacht fós, cé acu an raibh nó nach raibh Lochlannaigh Jomsburg ar marthain. B'í máthair s'aigesan ná iníon chéad diuice na Polanie, Mieszko I; d'fhéadfadh gurb é Świętosława (féach: Sigrid Storråda)a hainm, cé gur deir an 'Oxford DNB ' go bhfuil a hainm anaithnid.

Mar Phrionsa na Danmhairge, bhuaigh Cnút suíochán ríoga Shasana sa bhliain 1016, i ndiaidh na gcéadta bliain de ghníomhaíochta Lochlannacha in iarthuaisceart na hEorpa. Shealbhaigh sé Ríocht na Danmhairge sa bhliain 1018, rud a d'aontaigh corónacha Shasana agus na Danmhairge le chéile. Choimeád Cnút an bhunáit chúmhachta seo le chéile tríd na Danair agus na Sasanaigh a aontú faoi bhannaí cultúrtha an rachmais agus gnáthaimh, seachas dul i mbun na brúidiúlachta. Sa bhliain 1028 agus é i dTrondheim, tar éis deich mbliana coimhlinte in aghaidh céilí comhraic sna Críocha Lochlainn, mhaigh Cnút gur leis choróin na hIorua. Ghabh Cnút Sigtuna, cathair na Sualainne agus cé go raibh boinn eisithe aige dí agus a ainm orthu, níl insint na stair ar fáil faoin a fhorghabháil.