Cnó Brasaíleach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann síorghlas a fhásann 30 m ar airde, dúchasach do dhufairí na Brasaíle. Na duilleoga leathfhada, na bláthanna bán i bpanacail mhóra. Capsúl adhmadach cruinn an toradh, 15 cm ar leithead, a chuimsíonn 12-15 síol, pacáilte go dlúth, adhmadach tríthaobhach, a dtugtar cnónna Brasaíleacha orthu. Ní shaothraítear é. Na cnónna a dhíoltar i siopaí, is cnónna a bhailítear ó chrainn fhiáine iad.