Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2010

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2010 ar siúl in Vancouver Cheanada idir an 12 agus an 28 Feabhra 2010, an tríú uair a tionóladh Cluichí Oilimpeacha i gCeanada. Fuair Ceanada féin níos mó boinn óir (14) ná aon tír eile agus fuair na Stáit Aontaithe an líon ba mhó ma chuirtear gach saghas boinn san áireamh (37). Fuair 19 tír boinn.