Cloigín gorm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luibh bheag le bleib a athnuaitear gach bliain, dúchasach d'iarthar na hEorpa. Na duilleoga beiltchruthach, an bláthra aontaobhach. Na bláthanna 1.5-2 cm ar leithead, clogchruthach cromtha, gorm ach uaireanta scothbhándearg nó bán. Go minic déanann sé coilíneachtaí ollmhóra i gcoillte is ar bharr aillte.