Clog (clingire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clog

Soitheach cuasach cré-umha nó ábhair eile a chritheann nuair a bhuailtear é chun fuaim choimpléascach chlingíneach a dhéanamh. Má dhéantar an clog a thiúnadh, is féidir nóta ceoil d'airde ar leith a chloisteáil uaidh. Tá cloig, ar chruthanna is méideanna éagsúla, in úsáid le níos mó ná 4,000 bliain. B'fhéidir gurb é clog ollmhór an tSáir, an Tsarsky Kolokol sa Chreimil i Moscó, an ceann is mó ar Domhan, 6.9 m ar trastomhas is 200 tonna meáchain. Cruth cupáin bun os cionn atá ar an bhfathach seo, agus buailtear é le teanga atá crochta istigh ann. I gcásanna eile (na cloig mhóra i dteampaill Bhúdacha, mar shampla) buailtear an clog le slat throm chothrománach ar an taobh amuigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 145.