Cloch dhomlais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clocha domlais
Máilín domlais ar oscailt chun a chlocha domlais iomadúla a thaispeáint. Is dócha go bhfuil an calcalas mór buí comhdhéanta den chuid is mó de cholaistéaról, agus léiríonn dath glas go scothdhonn na gcloch eile go bhfuil siad comhdhéanta de líocha domlais ar nós biliveirdin agus stercobilin.

Is éard is cloch dhomlais ann ná comhdhlúthú criostalach curtha le chéile taobh istigh den mháilín domlais trí fhaibhriú chomhábhair domlais. Cruthaítear na calcalais seo sa mháilín domlais, ach is féidir leo taisteal go haimhneasach chuig codanna eile den chóras domlasach, a leithéid agus an ducht cisteach, an comhdhucht domlais, an ducht paincréasach, nó an ampaill de Vater.