Clann Lir
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Scéal béaloidis na Éireann é Clann Lir ón gCiorcal Déscéalíochta. Lear Shí Fionnachaidh, Badhbh Dearg mac an Daghda, Aobh agus Aoife na príomhcharachtair atá ann.
[athraigh] An Scéal
Ar dtús, toghadh Badhbh Dearg mar rí ar Thuatha Dé Danann. Ní raibh Lear sásta leis sin, mar sin, chun é a shásamh, thug Badhbh ceann dá chuid iníonacha do Lear mar bhean chéile. Roghnaigh Lear an ceann is sine díobh, Aobh. Rugadh ceathrar páiste d'Aobh: cúpla, Fiachra agus Conn, agus Aodh agus Fionnuala.
Fuair Aobh bás tar éis tamaill agus goilleadh ar Lear agus ar a phaistí go mór. Chun iad a leigheas, thug Badhbh iníon eile do Lear mar bhean chéile, an uair seo, Aoife.
Bhí éad mór ar Aoife mar gheall ar an ngrá a bhí ag Lear agus a pháistí dá chéile. Shocraigh sí ar na páistí a mharú. I rith turais chuig teach Bhadhbh Dhearg, d'ordaigh sí ar a seirbhísigh na páistí a mharú ach dhiúltaigh siad. I dtreall, rinne sí iarracht iad a mharú í féin ach ní raibh an misneach aici. Mar sin, d'athraigh sí ina n-ealaí iad. Ní foláir do na páistí trí chéad bliain a chaitheamh sa loch in aice le teach a n-athar, trí chéad bliain eile i Sruth na Maoile agus trí chéad bliain eile arís in Inis Gluaire. Nuair a chuala Badhbh air sin, chas sé Aoife ina deamhain aeir go síor mar phionós di.
Tar éis a réimsí i ngach áit, fuair siad dídean ó Mhochaomhóg. D'ordaigh sé gabha oilte slabhraí airgid speisialta a dhéanamh chun na healaí a choinneáil le chéile go deo. Ach, ba mhian le Deoch na healaí a bheith aici féin. Ba bhean chéile rí Chonnacht agus iníon rí na Mumhan í Deoch. D'iarr sí ar a fear an mhainistir a ionsaí agus san ionsaí briseadh na slabhraí airgid. Ansin, athraíodh na healaí go seandaoine caite. Baisteadh iad roimh a mbás agus cuireadh iad le Fionnuala sa lár, Fiachra agus Conn ar a dá thaobh agus Aodh os a comhair.