Clamhán (planda)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda seadánach bliantúil, laghdaithe go dtí gas scothdhearg cosúil le snáithe, ag iompar crobhaingí bláthanna bídeacha bána nó bándearga. Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is mheasartha. Táirgeann an síol ginidithe fréamh ghearrshaolach is gas féithleannach a chuardaíonn óstach. Nuair a dhéanann sé tadhall leis an óstach, meathann an fhréamh mar nach mbíonn gá le tadhall leis an ithir ansin. Táirgeann an gas diúláin a threánn an t-óstach chun uisce is cothaithigh a shú amach. Feidhmíonn cuid mhaith plandaí mar óstaigh, ina measc barrphlandaí cosúil le leannlus is lion. Is féidir go ndéanfaidh an seadán seo an-damáiste costasach do na barra seo.