Claiseanna aigéanacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ísleáin fhada chúnga ar ghrinneall na farraige. Suas le 100 km ar leithead, na mílte km ar fhad, suas le 4 km níos doimnhe ná an grinneall mórthimpeall. Faightear san Aigéan Atlantach iad (Clais Phórtó Ríce is Oileáin Sandwich Theas), san Aigéan Indiach (Clais Iáva), agus ar fud an Aigéin Chiúin (ina measc Clais Pheiriú is na Sile, Clais na Seapáine). Tá an doimhneacht is mó san aigéan, 11,034 km, i nDuibheagán an Challenger den Chlais Mháirianach.