Circus Maximus
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é An Circus Maximus (laidin: an tsorcas is fearr, Iodáilis: Circo Massimo) áit siamsaíochta ollmhór sa Róimh, a d'úsáid na sean-Rómhánaigh.
Tá sé suite sa ghleann idir an Aventine agus Cnoc Palatine. Na chéad daoine a d'úsáid an áit mar áit siamsaíochta ná Ríthe Etruscaigh na Róimhe. Go cinnte, chuir Tarquinius Priscus (céad Rí Etruscach na Róimhe) na céad cluichí an Ludi Romani (cluichí Rómhánach) ar siúl san áit. Tamaill ina dhiadh sin, bhí an Circus mar shuíomh do na cliuchí poiblí agus féiltí sa 2ú aois RC. Le hiarracht solthair do éileamh muintir na Róimhe (a bhí ag iarraidh siamsaíocht poiblí ollmhór) rinne Julius Caesar an Circus níos mó timpeall 50 RC. Tar éis seo bhí sé timpeall 600m (1,968 cs) ar leitheid agus, 80 m (387 cs) ar fhad, bhí sé in ann 250,000 daoine a chuir i suíocháin (bhí níos mó in ann seasamh nó féachaint ó na chnoic máguaird). Sa bhliain 81, thóg an Seanad airse in onóir do Titus ar an taobh dúnta ó thoir den staid.
Cheangail an impire Domitian a phálás nua ar an Palatine go dtí an Circus ionas go bhféadfadh sé na rásanna a fhéiceál níos éascaí. Chuir an impire Trajan 5000 suíocháin eile le sei agus rinne sé áit shuíocháin an impire níos mó ionas go mbeadh muintir na Róimhe in ann é féin a fhéicéal níos fearr.
D'ob é rásaíocht carbad an comórtas is tábhachtaigh a bhíodh ar siúil. Bhí raon an rás in ann 12 carbad a thógáil agus bhí dhá taobh an raon scoilte le rud airdithe darbh ainm an spina. Bhí an spina ag claonú beagán. Chuireadh dealbh difriúla suas ar an spina, agus thóg Augustus obelisk Éigipteach air freisin. Bhí ionaid le casadh timpeall ag deireadh dhá taobh na spina, an meta, rinne na carbaid casadh dainséireacha timpeall orthu ag luas an ard. Ag bár an spina, bhí deilfeanna á iompú thart ag comhaireamh na curaiteanna timpeall an raon. Bhí rasaíocht carbaid an-dainséireach, agus go minic bhí tuairteanna iontach agus gach seans go marófar duine nó beirt. Bhí críoch amháin níos faide ar ais ná an ceann eile, le seans a thabhairt do na carbaid scuaine a dhéanamh chun an rás a thosnú. Anseo bhí na geataí tosaigh nó carceres, a chintigh gur ndeachaigh na crabaid an fad céanna, go dtí an céad casadh. Chuaigh an rás ar aghaidh ar feadh fad 6.5 cileméadar (4 míle).
D'ob é an chéad Circus é agus an ceann is mó sa Róimh, ach ní hé an t-aon sampla. I measc cinn eile tá an Circus Flaminius (áit a chuireadh Ludi Plebeii ar siúl), An Circus de Maxentius agus Circus Nero.
Tá sé fós in úsáid sa lá atá inniú ann; toisc gur pháirc mór, lárnach é, úsáidtear é i gcomhair cruinnithe agus ceolchoirm, mar shampla ceolchoirm Live 8 sa Róimh (2 Iúil 2005), nó nuair a tháining 700,000 daoine le ceiliúrú bhua Corn an Domhain 2006.