CinemaScope

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas leathanscáileáin cineamatagrafaíochta, bunaithe ar cheapachán Henri Chrétien i 1927 ach curtha i bhfeidhm ag comhlacht 20th Century Fox i 1953. Bíonn lionsa anamorfach ar an gceamara a chomhbhrúnn an íomhá go cliathánach faoi dhó chun í a thaifeadadh ar scannán 35 mm, ach leathnaítear amach arís í nuair a theilgtear í trí lionsa anamorfach sa teilgeoir chun pictiúr le cóimheas aghaidhe 2.35 a léiriú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "CinemaScope". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.