Cinéisic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
comharthaíocht lámh

Staidéar ar theanga fheiceálach colainne mar chumarsáid is ea cinéisic, nó "comharthaíocht choirp" mar a deirtear go minic. Baineann sí le gluaisní is coir ghnácha a chuireann teachtaireachtaí beartaithe in iúl, agus leis an mbealach a soláthraíonn dreacha aghaidhe, gluaisní colainne is staidiúir, patrúin de leideanna ainneonacha do staid mothúcháin an duine atá á scrúdú, agus nádúr an imoibrithe shóisialta.

Déanann cinéisic staidéar go háirithe ar an mbealach a mbíonn difríochtaí céille i gcultúir dhifriúla i gcaochadh súile, gluaisne malaí, meangadh, croitheadh láimhe, coir méire, agus gluaisní eile aghaidhe is géag.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cinéisic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.