Cill thirim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cill thirim

An saghas bataire a úsáidtear i raidió iniompartha, mar shampla, nó aon ghléas iniompartha leictreonach. Sa chill seo tá leictreoid charbóin clúdaithe le púdar carbóin is púdar ocsaíd mhangainéise. Timpeall uirthi sin tá leictrilít i bhfoirm glóthaí chun nach snífidh sí. Feidhmíonn an t-árthach since ina bhfuil an leictrilít sin mar an dara leictreoid. Bíonn barr an árthaigh séalaithe chun an ghlóthach a chosaint ar ghalú. Sa chill seo, agus sa chill Zn/Cu, gintear fuinneamh leictreach ó imoibrithe dochúlaithe ceimiceacha. Ídítear ábhar na leictreoide diúltaí san imoibriú, agus tagann deireadh le feidhm na cille ansin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cill thirim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 135.