Cill fhótaileictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste atá íogair do sholas agus a fhreagraíonn don radaíocht le hiarmhairt leictreach. Ainm eile uirthi is ea fótaichill. De ghnáth bíonn sí bunaithe ar leathsheoltóir (sileacangearmáiniam, mionathraithe le breiseáin chuí). Fuasclaíonn an radaíocht leictreoin nasctha, agus is féidir go n-athróidh sé sin seoltacht na cille (cill fhótaisheoltach), go dtáirgfear fórsa leictreaghluaisneach (cill fhótavoltach) nó go dtarlóidh iarmhairt eile. Úsáidtear fótaichealla i solasmhéadair sa ghrianghrafadóireacht, braiteoirí solais (in aláram buirgléara, mar shampla), agus soláthar cumhachta i spásárthaigh is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cill fhótaileictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 134.