Cill Choca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cill Choca
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Kildare Magnified.png
Daonra (2006) 4,100
Airde: 77m
Contae: Contae Chill Dara
Cúige: Laighin

Is baile beag é Cill Choca atá suite i dtuaisceart Chontae Chill Dara laisteas den Rí, abhainn atá ina teorainn idir Contae Chill Dara agus Contae na Mí. Is gearr an t-achar idir Cill Choca agus Baile Átha Cliath, agus téann ge leor oibrithe abhaile chuici. Timpeall 4,100 daoine atá ina gcónaí i gCill Choca (daonáireamh 2006).[1]) Tá sé suite cois na Canála Ríoga.

Stair[athraigh | edit source]

Deirtear gur bhunaigh Naomh Coca, deirfiúr le Naomh Caoimhín ó Ghleann Dá Loch, eaglais cois abhainn an Rí sa 6ú haois. Dhéanadh sí éide eaglaise a ghréasadh, agus éide Cholm Cille san áireamh. Tíolaiceadh tobar di, agus é le fáil anois, más fíor, ar chúl Bhanc Uladh. Ar 6 Iúil atá a féile, ach is beag cuimhne thraidisiúnta a bhí uirthi: nuair a bhí Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ar siúl sa cheantar sa bhliain 1837 dúradh mar a leanas:

there is no old church in ruins in this parish nor is any patron saint or day remembered ... the meaning of the name Cille Choc is not remembered

Tá cuntas, mar sin féin, ar chath idir ríthe san 8ú haois láimh le heaglais Naomh Coca, agus í suite ansin i gCairbre. Luaitear Cill Choca arís sa bhliain 1302, nuair ba le hOspidéal Naomh Eoin Iarúisailéim i gCill Mhaighneann í.

Tógadh séipéal nua paróiste sa bhliain 1867 ar £10,000, suim an-mhór ag an am (ba é J.J. McCarthy an t-ailteoir), agus do Naomh Choca a tíolacadh é. Mar a dúirt na suirbhéirí Ordanáis, níl fothraigh féin an tseanteampaill le fáil anois.

Radharc an bhaile

Iarnród[athraigh | edit source]

Tháinig an t-iarnród ar 28 Bealtaine 1847 ach dhún an stáisiún arís ar 1 Iúil 1848, agus cúis leis: é a bheith suite ar ardú 1 ar 100, grádán ar dheacair leis na hinnill ghaile é a shárú. Bhí an stáisiún seo beagán lastoir den stáisiún atá anois ann. D'oscail stáisiún nua laistiar den bhaile sa bhliain 1850 ach dhún sé sa bhliain 1963; cuireadh stáisiún eile ar bun sa bhliain 1998. Tá Cill Choca suite ar an iarnród idir Baile Átha Cliath agus Sligeach.

Bóithre iarainn na hÉireann

Bóithre[athraigh | edit source]

Seachnaíonn an mótarbhealach M4 Cill Choca ar an taobh theas, agus táthar ag brath ar mhótarbhealach a thógáil a rachadh ó Nás go Droichead Átha trí Chill Choca. [2]

Ferme Ornée[athraigh | edit source]

Cruthaíodh Larchill mar ferme ornée san 18ú haois, agus tá sé ar an ngairdín is iomláine den chineál sin san Eoraip. Tá siúlóidí ann faoi scáth na bhfáibhilí idir bréagáin chlasaiceacha agus ghotacha; tá loch ann agus dhá bhréagán ar oileáin ann, gairdín foirmiúil faoi bhalla agus túr sliogán ann, agus clós feirme gotach.

Tagairtí[athraigh | edit source]