Ciclimin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil le duilleoga a fhásann díreach amach as an gcormán méith. Dúchasach don Eoraip is an Áise. Na bláthanna le cinn chlaonta — bán, bándearg nó corcra — maotháin an choróla lúbtha ar ais. I ndiaidh an bhláthaithe, cornann an gas chun na torthaí atá ag aibiú a thabhairt don ithir. Saothraítear na plandaí pota ó speiceas amháin, Cyclamen persicus.