Ciaróg oíche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ciaróg bheag scothdhonn, 5-9 mm ar fhad. Áitríonn sí crainn atá ag lobhadh, ach anois faightear níos minice in adhmad saoirseachta i dtithe í. Tochlaíonn na larbhaí, atá méith le cosa bídeacha, isteach san adhmad. Cnagann na ciaróga fásta ar an adhmad le linn an tréimhse cúplála (Aibreán-Bealtaine). Fágann na larbhaí poill mhóra san adhmad nuair a thagann siad amach as.