Ciúb Rubik

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fadhb mhatamaiticiúil, ainmnithe as a ceapadóir, an t-ailtire Ungárach Ernö Rubik (1944-) a fuair an phaitinn air i 1975. Ciúb daite atá ann is é roinnte i 26 ciúb neamhiomlán (ciúbáin). 6 cinn díobh seo, is láir iad is ní féidir leo ach rothlú san ionad céanna; 8 gceann díobh, is cúinní iad; an 12 ceann eile, is imill iad. Is féidir an 20 ciúbán deireanach seo a aistriú. Is féidir timpeall 4.3 × 1022 comhcheangal a bhaint amach, ach níl ach slí amháin chun dath amháin a chur ar gach taobh. An-tóir air i ndeireadh na 1970idí, agus an-choitianta fós.