Christopher West

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristopher West
Beathaisnéis
Breith1969
54/55 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chaitliceach Mheiriceá
Ardscoil Chaitliceach Lancaster Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinchristopherwest.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is údar Caitliceach agus léachtóir é an Meiriceánach Críostóir West (rugadh 1969) agus is fearr is eol do dhaoine é de bharr a chuid oibre ar shraith an Phápa Eoin Pól II dar teideal Diagacht an Choirp.

Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léachtóir poiblí é ar ábhair mar antraipeolaíocht Chríostaí, an Chré, an mhoráltacht, na Sacraimintí, an pósadh, an chollaíocht agus shaol an teaghlaigh. Bíonn sé ag labhairt freisin ar an raidió agus ar an teilifís. Tá sé ar dhuine de na príomh-theagascóirí in Institiúid Dhiagacht an Choirp, a chuireann cúrsaí ar leibhéal iarchéime agus cláir oiliúna eile ar fáil. Tá sé féin agus a bhean chéile Wendy ina gcónaí i gContae Lancastar, Pennsylvania (SAM), agus tá cúigear leanbh acu.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghnóthaigh Críostóir West Baitsiléir Ealaíon in Antraipeolaíocht i 1992 ó Ollscoil Maryland. I 1996, deimhníodh é mar Theagascóir d'Ullmhú an Phósta in Ard-deoise Washington, DC. Sa bhliain 1997, bhain sé Máistreacht i Staidéir Dhiagachta amach.

Léirmheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an diagaí David L. Schindler, cuireann West claonadh panghnéasúlach chun cinn a fhíonn gach gníomhaíocht thábhachtach dhaonna agus osnadúrtha le gnéas gan idirdhealú a dhéanamh mar is gá. Chosain an diagaí morálta, Dr Janet Mac Ghabhann, West a rá go raibh a chuid oibre "go hiomlán ceart" agus go bhfuair sí freagra Schindler "corr."

Dhírigh an diagaí Michael Waldstein, a scríobh aistriúchán cinntitheach ar Dhiagacht an Choirp, ar ráite Schindler in aiste a foilsíodh ar InsideCatholic.com. Dúirt Waldstein go raibh tuairim Schindler "diúltach".

Tá comhráiteas a thacaíonn le hobair West eisithe ag Justin Cairdinéal Rigali, Ardeaspag Philadelphia agus Kevin Rhoades, Easpag Harrisburg. Dúirt siad go raibh siad cinnte go bhfuil Diagacht Eoin Pól II ar an gCorp luachmhar don Eaglais, go deimhin gur bronntanas ón Spiorad Naoimh í dár linne. Bhí sé riachtanach, an teanga scolártha a 'aistriú' i gcatagóirí níos inrochtana le go mbainfeadh an gnáthdhuine tairbhe aisti. Chun é seo a dhéanamh is misean ar leith é Institiúid Dhiagacht an Choirp, agus creidimid go bhfuil Chríostóir West, léachtóir ón Institiúid agus urlabhraí, tíolactha le cairiosm ar leith leis an misean sin a chur i gcrích. Lena scil iontach mar láithreoir, lena léargas mar smaointeoir, agus le hómós as cuimse ar mhistéir na collaíochta daonna, tá sé in ann teacht ar na mílte inár gcultúr atá gonta go gnéasach le soiscéal an tslánaithe i gCríost.