Christopher Hitchens

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristopher Hitchens

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Christopher Eric Hitchens
13 Aibreán 1949
Portsmouth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Nollaig 2011
62 bliana d'aois
Houston, Texas (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse, ailse éasafagach agus broinciniúmóine)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Oxford - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht
Scoil Leys
Coláiste Balliol Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePortsmouth (en) Aistrigh
Washington, D.C.
Teanga dhúchaisBéarla agus Béarla na Breataine
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, dírbheathaisnéisí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir aistí, scríbhneoir, eolaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach na nOibrithe Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtAn tAindiachas
Faoi thionchar
TeangachaBéarla na Breataine agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileEleni Meleagrou
Carol Blue Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlexander Meleagrou-Hitchens
 ( Eleni Meleagrou) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínPeter Hitchens
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0386899 Last fm: Christopher+Hitchens Musicbrainz: b56415e7-c2d5-4a1f-af56-afacb58c244b Discogs: 2220008 Find a Grave: 82028325 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar agus iriseoir Angla-Mheiriceánach ab ea Christopher Eric Hitchens (a rugadh ar 13 Aibreán 1949 i Portsmouth, Sasana agus a fuair bás ar 15 Nollaig 2011 i Houston, Texas sna Stáit Aontaithe). Scríobh sé colúin agus critic liteartha do The Atlantic, Free Inquiry, The Nation, Salon, Slate, Vanity Fair, World Affairs, agus d'fhoilseacháin eile sa Bhreatain agus i Meireacá. Is minic a bhíodh Hitchens le feiceáil ar thimchuairt na seónna cainte ar an teilifís nó ag tabhairt léachtaí poiblí. Ba chomhalta de chuid na hInstitiúide Hoover é ó Mheán Fómhair na bliana 2008 i leith.

"Radacach" a thug Hitchens air féin agus bhí sé gníomhach i ngluaiseachtaí agus i bhfeachtais de chuid na heite clé ó bhí sé ina mhac léinn ollscoile, gí go gcuireadh sé súil ghéar ar an tsaol ón tús agus gur tháinig athrú ar a chuid smaointeoireachta de réir a chéile, go mór mhór ón mbliain 1989 i leith. "Nuachoimeádach" a tugadh air uaireanta mar gheall ar a sheasamh i bhfabhar an chogaidh san Iaráic. Is é an freagra a bhí aige air sin ná nár "choimeádach de chineál ar bith" é. Bhí sé go mór faoi thionchar na hEagnaíochta. Bhí meas mór aige ar George Orwell, Thomas Paine, agus Thomas Jefferson. Bhí leithéidí an Mháthair Treasa, Bill agus Hillary Clinton, agus Henry Kissinger cáinte aige, uaireanta go fíochmhar. Bhí an stíl dhian díospóireachta sin aige ina hábhar conspóide agus ina cúis mholta araon ag daoine éagsúla. Duine frithdhiagach a bhí ann chomh maith.

Fuair Hitchens saoránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 2007 ar a 58ú breithlá agus mionn na saoránachta tugtha aige ar chéimeanna Chuimhneachán Jefferson i Washington, D.C., an chathair ina raibh sé ina chónaí ann le roinnt blianta. Níor éirigh sé as a shaoránacht Bhriotanach, áfach.