Christoph Gluck

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumadóir ceoil a rugadh in Erasbach na Baváire ab ea Christoph Gluck (1714-1787). I bPáras sna 1770idí déanacha, thug sé stíl ceoldrámaíochta isteach, stíl Fhrancach, éagsúil ó stíl choitianta na hIodáile a luaití le Niccolo Piccinni (1728-1800). B'éacht a cheoldráma rathúil Iphigénie en Tauride (Ifigéine sa Táirid, 1779).