Chester Floyd Carlson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is ceapadóir a rugadh i Seattle, Washington ab ea Chester Floyd Carlson (1906-1968). I 1938 cheap sé próiseas leictreastatach cóipeála a rinne cóip de pháipéar simplí. Rinne sé saothrú air ar feadh 12 bhliain chun an próiseas xéaragrafach nua-aoiseach a thabhairt chun foirfeachta.