Cheryl Cole

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cheryl Cole
Cheryl Cole, Hastings.jpg
Cheryl Cole ag canadh leis an ngrúpa ceoil Girls Aloud i Hastings, Sasana
Ainm breithe Cheryl Ann Tweedy
Rugadh 30 Bealtaine, 1983
  Newcastle upon Tyne, Tyne and Wear, Sasana
Náisiúntacht Sasanach
Gairm Amhránaí, aisteoir, damhsóir
Seánra(í) ceoil Pop-cheol
Gníomhach 2002 - inniu
Lipéad/lipéid Fascination, Polydor, will.i.am
Suíomh gréasáin cherylcole.com

Rugadh Cheryl Cole ar 30 Bealtaine, 1983 faoin ainm Cheryl Ann Tweedy. Is amhránaí, aisteoir, damhsóir agus mainicín í a thoill a cuid cháilíochta ar an sraith teilifíse ITV Popstars - The Rivals sa bhliain 2002, ina gcuireadh an grúpa ceoil Girls Aloud le chéile.

Sa bhliain 2008 thosaigh sí ag obair ar an sraith teilifíse The X Factor mar bhreitheamh. Sa bhliain 2009 fuair sí clú agus cáil mar amhránaí aonair mar thoradh ar a hamhrán "Fight For This Love", an t-amhrán is tapúla a dhíoladh sa bhliain sin nuair a scaoileadh ins na cairteanna é. Tá an t-amhrán seo ar fáil ar an albam "3 Words".

Ní féidir a shéanadh gur íocón faiseanta í Cole chomh maith. Feictear í ar chlúdach British Vogue agus Elle, agus is urlabhraí í Cole i gcomhair L'Oreál.

Phós sí Ashley Cole, peileadóir atá ag imirt le Chelsea agus Sasana, i mí Iúil 2006.[1] Scair siad óna chéile i mí Feabhra 2010, agus chuir Cole isteach ar cholscaradh go hoifigiúil i mí Bealtaine 2010.

Ar an 3ú lá de mhí Iúil fuair sí tinn le maláire, agus bhí uirthi tréimhse chúpla seachtain a chaitheamh in ospidéal dá barr. Ghlac Nicole Scherzinger a ról ar 'The X-Factor' agus í tinn.

Dioscliosta[athraigh | edit source]

Camchuairteanna[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]