Charles Wheatstone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is ceapadóir a saolaíodh i nGloucester Shasana ab ea Charles Wheatstone (1802-1875). Cheap sé an consairtín i 1829, agus fuair paitinn don teileagraf leictreach i 1837. Cheap sé formhéadaitheoir fuaime agus thug micreafón air. Rinne sé taighde ar chiorcaid leictreacha, tomhas friotaíochta, agus dathanna is radharc na súl. Ní hé a cheap droichead Wheatstone, a úsáidtear chun friotaíochtaí a chur i gcomparáid le chéile is a ainmníodh as, ach léirigh sé a áisiúlacht is chuir chun cinn é go mór.