Charles Rennie Mackintosh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire is dearthóir a rugadh i nGlaschú ab ea Charles Rennie Mackintosh (1868-1928). Ceannródaí ar Stíl Ghlascú, sruth den Nua-Ealaín. Dhear sé an taobh istigh d'fhoirgnimh is troscán, agus tá cáil air as a dhearadh do Scoil Ealaíne Ghlaschú (1896-1909).