Charles Macintosh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí déantúsaíochta a rugadh i nGlaschú ab ea Charles Macintosh (1766-1843). I 1823 fuair sé paitinn ar bhealach chun fabraicí a uiscedhíonadh, ar thug sé a ainm air. Sa bhealach seo, déantar dhá leathán éadaigh a ghreamú le chéile le tuaslagán rubair is nafta.