Charles Lindbergh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eitleoir a rugadh i nDetroit, Michigan ab ea Charles Augustus Lindbergh (2 Feabhra 190226 Lúnasa 1974). Rinne sé an chéad eitilt aonair thrasatlantach, ó Nua-Eabhrac go Páras i 1927 sa mhonaphlána The Spirit of St. Louis. Fuadaíodh agus maraíodh a mhac óg i 1932. Rinne a gharmhac Erik Lindbergh an eitilt chéanna ina aonar i 2002.