Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Charles de Talleyrand-Périgord
Talleyrand 01.jpg

1ú Príomh-Aire na Fraince
In oifig
9 Iúil 181526 Meán Fómhair 1815
Réamhtheachtaí: (oifig nua)[1]
Comharba: Duc de Richelieu

Dáta breithe 2 Feabhra 1754
  Páras, an Fhrainc
Dáta báis 17 Bealtaine, 1838
  Páras, an Fhrainc
Gairm Taidhleoir
Síniú
Charles Maurice de Talleyrand-Périgord signature.svg

Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord, a dtugtar Talleyrand air de ghnáth: polaiteoir agus taidhleoir a rugadh ar 2 Feabhra 1754 i bPáras agus a cailleadh sa chathair úd ar 17 Bealtaine 1838. Bhain sé le muintir uasal, rinneadh sagart de ar chomhairle a uncail, Ardeaspag Réims, agus ceapadh é mar Easpag Autun. Le linn na Réabhlóide thréig sé an chléir agus phós.

Bhí poist aige mar a leanas: ardghníomhaire na cléire sa Seanreacht, uachtarán na Comhdhála Náisiúnta agus taidhleoir le linn na Réabhlóide, Aire Gnóthaí Eachtracha le linn na Stiúrthóireachta, na Consalachta agus an Chéad Impireacht, agus taidhleoir nó comhairleoir le linn na monarcachtaí ina dhiaidh sin.

An-mhuinín ag Napóilean as. Clú na meanman agus na hintleachta air. Tuairimí difriúla ag lucht a linne de: é glic agus fealltach, nó ina fhear neamh-mhaol de Ré na hEagnaíochta. Cuimhní cinn breactha aige agus staraithe idir dhá chomhairle faoina iontaofacht atá siad.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Féach anseo