Chambers's Encyclopaedia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharChambers's Encyclopaedia
(en) Chambers's encyclopædia. A Dictionary of Universal Knowledge for the People Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarEphraim Chambers (en) Aistrigh
Robert Chambers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1860 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirChambers Harrap (en) Aistrigh, George Newnes Ltd agus Pergamon Press (en) Aistrigh
Tréith
Seánraciclipéid Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach12,600 Cuir in eagar ar Wikidata
An dearadh agus an fhoclaíocht a bhí le feiceáil ag tús gach imleabhar den chéad eagrán.

Ba "Foclóir d'Eolas Ginearálta" é Chambers's , déanta suas de deich imleabhar agus timpeall is 800 leathanach i ngach imleabhar. Ba é an teach foilsitheoireachta cáiliúil W. R. Chambers as Dún Éideann, a bhí taobh thiar de agus a thug a ainm dó. Sárchiclipéid a bhí ann, a sheas ar aon chéim leis na ciclipéidí ba thábhachtaí ar domhan, ó thaobh dhoimhneacht agus leithead na n-altanna a bhí ann.

Foilsíodh an chéad eagrán imleabhar ar imleabhar, thar timpeall is seacht mbliana idir 1877 agus 1884. Bhí fealsúnacht ag Chambers ó thús go mbeadh na haltanna ina gciclipéid domhain go leor go nglacfadh an léitheoir greim ar phrionsabail an ábhair. Bhí léaráidí cruinne agus cothromóidí matamaitice sna haltanna ar theicneolaíocht, mar shampla.

Foilsíodh an dara heagrán, an "Century Edition", sa 20ú céad sna blianta go díreach roimh an Chéad Chogadh Domhanda. Is dócha gurb é seo an chiclipéid is fearr a d'fhoilsigh Chambers riamh. Rinneadh athchló ar an gcuid ba mhó de na léaráidí ón chéad eagrán, agus bhí cuid mhór de na foirmlí matamaitice fós ann mar a raibh siad ábhartha leis an ábhar, agus bhí altanna ar theicneolaíochtaí nua ann, cosúil le raidió.

Clóbhualadh an "New Edition" i 1935 ag an University Press i nDún Éideann. Bhí cuid mhaith de na haistí scríofa as an nua don cheann seo. Ó pheirspictíocht an 21ú céad, léiríonn codanna den chiclipéid an éiginnteacht pholaitiúil san Eoraip idir an dá chogadh mhór. Ó thaobh na haltanna ar ábhar teicneolaíochta, níl siad chomh cruinn go ginearálta leis na cinn a bhí san eagrán roimhe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]