Cennétig mac Lorcáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rí Thuadhmhumhain (Tuamhain, mar a litrítear sa lá inniu é) agus rí ar an nDál gCais ab ea é Cennétig mac Lorcáin, a bhásaigh sa bhliain 951. Mac Lorcan mac Lachtna a bhí ann, taoiseach na dToirdhealbhach.

Bhí beirt mhac déag aige lena bhean Be Binn ni Aurchada, agus Brian Bóramha ar an duine is mó iomrá dóibh. Creidtear gur cailleadh sa bhliain 951 é, agus é ag cur cogaidh ar Lochlannaigh Luimnigh.