Cearbhall Óg Ó Dálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá cáil ar an bhfile agus cláirseoir Cearbhall Óg Ó Dálaigh (fl.1630) mar chluanaí ban agus mar gheall ar an amhrán grá Eileanóir a Rún ach go háirithe.

Ainm coitianta i measc muintir Dhálaigh ab ea Cearbhall, agus bhí níos mó ná file amháin den sloinne sin a raibh an t-ainm sin air. B’as an bPailís, láimh le Guaire, i gContae Loch Garman don Chearbhall Óg Ó Dálaigh a chuirtear ina leith gur chum sé an t-amhrán Eileanóir a Rúin. Iníon le Sir Murchadh Caomhánach ab ea Eileanóir, as Poll an Mhóintigh, láimh le Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman.

Eileanóir a Rún[athraigh | edit source]

De réir an tseanchais d’éalaigh Eileanóir Chaomhánach le Cearbhall an lá a raibh sí ceaptha fear eile a phósadh. Deirtear gur tháinig sé chuig an gcóisir bainise chun ceol a chasadh agus gur thit sé i ngrá leis an mbrídeog. Chum sé an t-amhrán Eileanóir a Rún ansin chun í a mhealladh leis.

Amhráin agus Dánta Eile[athraigh | edit source]

amhrán eile ar marthain, i stíl na crosántachta, Seachrán Chearbhaill, a bhaineann leis an scéal céanna, agus leagtar ar Chearbhall Óg freisin é. Chomh maith leis sin tá dán i lámhscríbhinn againn ó Chearbhall céanna agus é mar fhreagra ar dhán ón athair Pádraigín Haicéad. Cuireadh an scéal Mac na Míchomhairle ina leith go coitianta sa bhéaloideas, ach meastar anois nach bhfuil aon bhunús leis sin.

Cearbhall Óg Ó Dálaigh sa Cheol[athraigh | edit source]

Tá leagan de Sheachrán Cheabhall le Joe Éinniu ar fáil ar dhlúthdhiosca leis an leabhar Joe Éinniu: Nár fhágha mé Bás Choíche le Liam Mac Con Iomaire (Cló Iarchonnachta 2007); agus leagan eile de ar dhlúthdhiosca le Peadar Ó Ceannabháin, Mo Chuid den tSaol (Cló-Iarchonnachta). Ceapadh go coitianta gur bhain an Seachrán le scéal nach maireann a scríobh Cearbhall Óg, scéal a bhfuil tagairtí do sna lámhscríbhinní mar 'Aiste Chearbhaill'.

Cearbhall Óg Ó Dálaigh sa Litríocht[athraigh | edit source]

Déantar léiriú ficseanúil ar Chearbhall Óg Ó Dálaigh san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí, a lonnaíonn in arm an Rí é i 1651 agus san Isiltír Spáinneach i 1662.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • An Chrosántacht, Alan Harrison, An Clóchomhar, 1979
  • Beatháisnéis 1560-1781, Máire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach, An Clóchomhar, 2001
  • An File, Dáithí Ó hÓgáin, Oifig an tSolathair, 1985