Ceantar na nOileán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ceantar na nOileáin)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeantar na nOileán

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata

Grúpa oileán é Ceantar na nOileán agus é le fáil idir Cuan Chill Chiaráin agus Cuan an Fhir Mhóir. Tá Ceantar na nOileán suite i gConamara in iarthar na Gaillimhe san fhíor-Ghaeltacht, 56km siar ó chathair na Gaillimhe[1]. Tá Gaeilge ag 85% de mhuintir an cheantair, de réir an daonáirimh.

Tá na hoileáin ceangailte den mhórthír le droichid a tógadh ag deireadh an chéid seo caite. Is iad Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin na príomhoileáin agus tá oileáin bheaga eile ag síneadh amach uathu. Is í an Ghaeilge teanga labhartha na ndaoine. Tá an ceantar seo ar cheann de na ceantair is saibhre teanga agus cultúr sa Ghaeltacht.

Talamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur leaca móra d´aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na hoileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am an ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir, ach is tógáil eallaigh agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.

Geilleagar agus gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Turasóireacht agus iascaireacht na príomhshlite beatha ar na hoileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint na feamainne ar na hoileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh iaidín.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dteannta an tsaibhris chultúrtha seo, tá áilleacht nádúrtha dá cuid féin ag baint leis an gceantar seo. Thug TG4 léargas ar chultúr ceoil ó Ceantar na nOileán in 2009[2].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thréig a lán na hoileáin ó thús an 20ú haois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a thug a lán acu a n-aghaidh.

Rugadh Darach Ó Catháin sa cheantar (1922), ach d'aistrigh a mhuintir go Ráth Chairn i gContae na Mí in 1935.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Comhairle Ceantar na nOilean". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-07-12. Dáta rochtana: 2011-12-31.
  2. Féach http://www.youtube.com/watch?v=qc_m9xd40yU: "Deirtear go mbíonn na hoileánaigh iontach maith ar rithim. Níl aon teoiric agamsa air sin ach go bhfuil siad faoi thionchar rithim na farraige agus ceol na n-éan atá le fáil go binn ar oileáin" (tuairim Mheaití Jo Shéamuis agus é páirteach sa chlár mar aon le Nan Tom Taimín, Máirtín Tom Shéainín, Johnny agus Cóil Connolly, Máire Áine Ní Iarnáin,Seán Óg Ó Flaitheartha, Fionn Ó Céide agus Micheál Seoighe).

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]