Ceannbhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil, cosúil le féar, dúchasach do chodanna fionnuara is artacha sna réigiúin mheasartha thuaisceartacha. An gas duilliúil. Spící na mbláthanna scothdhonn, an t-iombhláth ag cuimsiú ribí bána iomadúla a fhadaíonn nuair a thorthaíonn an planda chun ceann feiceálach cadásúil a dhéanamh.