Ceallalóid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An plaisteach cumarsáideach is luaithe a tháinig ar an margadh (c 1865-1869). Níotráit cheallalóis, plaistithe le camfar, ab ea é. An-chobhsaí ó thaobh toisí de, agus úsáideadh ar feadh i bhfad é le haghaidh scannán fótagrafach, in ainneoin a inlastachta baolaí, fiú nuair a bhí plaistigh nua in oiriúint don ghnó sin. Faoi dheireadh ceapadh aicéatáit cheallalóis a bhfuil a toisí an-chobhsaí is nach bhfuil inlasta, agus cuireadh í seo in ionad na ceallalóide i scannáin fhótagrafacha.