Cathal Buí Mac Giolla Ghunna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCathal Buí Mac Giolla Ghunna
Beathaisnéis
Breithc. 1680
Básc. 1756
75/76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Duine de na filí ba cháiliúla i gCúige Uladh ab ea Cathal Buí Mac Giolla Ghunna. (c. 1680 - c. 1756).[1] Rugadh é timpeall 1680 i bhFear Manach, chaith sé seal ina ábhar sagairt, ach chuaigh le filíocht agus le cairréireacht ina dhiaidh sin. Is é An Bonnán Buí amhrán magúil faoi bhás éin den tart, an saothar is cáiliúla dá chuid agus bíonn leaganacha de á gcanadh go fóill ar fud na hÉireann.

D'fhoilsigh an scoláire Breandán Ó Buachalla bailiúchán dá shaothar: "Cathal Buí: Amhráin" sa bhliain 1975.

Ficsean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cathal Buí mar charachtar san úrscéal Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a' Bhaird a foilsíodh sa bhliain 2010.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]