Cathal Ó Sándair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Gaeilge ba ea Cathal Ó Sándair (15 Iúil, 1922 - 18 Feabhra 1996). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh i Weston-super-Mare Shasana é, mac le dornálaí darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as Baile Átha Cliath. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba dhuine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta 1937 agus 1938. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an tSaorstáit. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire Caoimhín Ó hUiginn.

Eachtraí Réics Carló, Uimh. a Ceathair: Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh (1944)

Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na Bráithre Críostaí. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na Gaeltachta é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, Our Boys, agus sé bliana déag aige. Chuaigh sé isteach san Aerchór tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar státseirbhíseach. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta Inniu agus gníomhach i nGlúin na Buaidhe.

Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, Tríocha Píosa Airgid, sa bhliain 1942, agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le Na Mairbh a d'Fhill an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire Réics Carló agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile aige freisin, faoi shirriam in Iarthar Fiáin Mheiriceá, Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost sa bhliain 1953 agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana den sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhís ina oifigeach custaim. Fuair sé bás an 18 Feabhra, 1996. Scríobh sé úrscéal Béarla Bullets are Trumps sa tsraith i dtaobh Sexton Blake, bleachtaire.

Bhí sé pósta ar Mháire McGeown as Ard Mhacha agus bhí ceathrar clainne acu.

Roinnt saothar leis[athraigh | edit source]

(Library of Congress, Washington, DC)
  • Buachaillí Chluain Éanna 1952)
  • Cailíní Chluain Éanna agus fear an chlóca dhuibh (1954)
  • An chathair seo 'gainne (1946)
  • Cluain Éanna arís (1952)
  • An corpán s trúnc (1944)
  • Dúnṃharbhú i bpáirc an chrócaigh (1944)
  • An gluaisteán sídhe (Baile Átha Cliath [Dublin]: Oifig an tSoláthair, 1945)
  • Jacko agus scéalta eile (1944)
  • An lá geal (1945)
  • Mo chara, mo namhaid (Baile Átha Cliath [Dublin]: Oifig an tSoláthair, [1967])
  • Réics Carló ar an ngealaigh (1950)
  • Réics Carló ar dhá eachtra eile (1950)
  • Réics Carló ar Oileán Mhanann (Baile Átha Cliath [Dublin]: Oifig an tSoláthair: Le ceannach ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, 1984)
  • Réics Carló san Aifric (1951)
  • Réics Carló san Éigipt (1951)
  • Soir ón Rio Grande (1949)
  • Súile an fodhail (1946)
  • An t-eiteallán do-fheicthe (1943)
  • Triocha písa airgid (1943)
  • Uathbhás i mBrugh na Bóinne (1944)
  • Bullets are Trumps i sraith Sexton Blake.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]