Cathain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóCathain
Cineálsaothar ceoil
CumadóirRónán Ó Snodaigh

Amhrán is ea Cathain. Chum Rónán Ó Snodaigh é.

An t-amhrán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúrfá
Cathain a thiocfaidh tú abhaile chugam /
Ó cathain a dtagfaimid muid le chéile arís /
Cathain a thiocfaidh tú abhaile chugam /
Fanfaidh mé ar an lá agus fanfaidh mé go dílis


Braithim go bhfuil tú in easnamh orm /
Ó braithim uait mé braithim tú i bhfad /
Braithim go bhfuil tú in easnamh orm /
‘S n'fheadar cathain a bhlaisfidh mé do bheoladh arís
Cúrfá
Tá’n spéir fós ós mo chionn, an talamh céanna fúm, /
Na sléibhte i mo thimpeall mar a bhí siad riamh /
Tá’n taoide ag lionadh ‘s ag trá mar a bhíonn /
Ach ní ach ar leath shiúl ‘tá mé gan tusa le mo thaobh
Cúrfá
Feiceann mé do shúile i mo bhrionglóidí /
Cloiseann mé do gháire agus mé i mo luí /
Feiceann mé an bóthar ó mo fhuinneog ins an tigh /
An bóthar úd a thóg tú gan mise le do thaobh.
Cúrfá

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]