Cath an tSléibhe Bháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath an tSléibhe Bháin

Bhí Cath an tSléibhe Bháin, 8 Samhain 1620 (Bílá hora a tugtar ar an Sliabh Bán sa tSeicis) ar cheann de na chéad cathanna a fearadh i gCogadh na dTríocha Bliain, mar a chuir arm 25,000 fear de chuid airm Fherdinand I, Impire Naofa na Róimhe faoin gceannaire Karel Boneventura Buquoy, agus airm na Léige Caitlicí faoi Johan Tzerclaes Cúnta Tilly, an ruaig ar 20,000 Bóiméach agus amhas faoi Christian Anhalt ag Bíla Hora, láimh le Prág. Chuir an cath deireadh le tréimhse Bóihéimeach an Chogadh na dTriocha Bliain.

Réamhrá[athraigh | edit source]

D’éirigh go maith ar dtús le héirí amach na bProtastúnach sa Bhóihéim, agus d’éirigh leo scóp an éirí amach a leathnú trí Fheardorcha V, Toghdóir na pailitíne a thogha mar rí orthu féin/ Ach d’iompaigh an taoide ina gcoinne nuair a chruinnigh Maximilian 1, Diúc na Báváire, fórsaí na Léige Caitlicí. Chuir sé siúd Tilly ar cheann airm go Prág. Lean Christian Anhalt é agus tháinig sé amach rompu ar bhóthar Phráig lena chuid fórsaí féin,

An Cath[athraigh | edit source]

Chruinnigh an ceannaire Bóihéimeach, Christian Anhalt, a chuid saighdiúirí, agus ghlacadar seilbh ar an gcnoc (Bílá Hora sa tSeicish, Weißer Berg sa Ghearmáinis, nó an Sliabh Bán) ag dúnadh bhóthar Phráig ar Tilly. Bhí ionad maith cosanta acu, a eite dheas le caisleán seilge, sruthán lena eite chlé, agus sruthán is talamh riascach amach rompu.

I gcampa Tilly an oíche sular tugadh an cath, tháinig an tAthair Doiminic, sagart Caipisíneach, i láthair chomhairle na gceannairí le pictiúr d’Áradh na nAoirí a bhí loite ag na Protastúnaigh, rud a chur fearg ar na saighdiúirí caitliceacha. De réir tuairiscí áirithe ba é an sagart a ghríosaigh na ceannairi chun cath a thabhairt an mhaidin dár gcionn in ainneoin neart an namhad ina n-ionad inchosanta ar an gcnoc os cionn an bhóthair.

Le moch maidneachán lae d’ordaigh Tilly a chuid fear san ionsaí, dhreapadar an cnoc agus, tar éis dhá uair an chloig dianthroda, bhris siad línte cosanta an namhad, agus ruaigeadh arm Annhalt.

I measc na saighdiúirí a fuair moladh speisialta ón Impire mar gheall ar a gcrógacht sa chath bhí an captaen Somhairle Mac Domhnaill a bhí i gceannas ar chomplacht muscaed i reisimint Verdugo.

Toradh an Chatha[athraigh | edit source]

Agus arm na Bóihéime briste, ghabh Tilly seilbh ar Phrág agus tháinig deireadh leis an éirí amach. D’ealaigh an rí Feardorcha agus a bhean Elizabeth (as sin a fuair sé an leas-ainm Rí an Gheimhridh). Cuireadh seachtar is fiche de na huaisle a bhí i gceannas an éirí amach chun báis i gCearnóg an tSeanbhaile i bPrág.

De réir a chéile cuireadh deireadh le saoirse chreidimh sa Bhóihéim agus theith na Protastúnaigh nó ruaigeadh iad as an tír. In iarracht na cúigí ceannairceacha san Ísiltír a thimpeallú ghabh arm na Spáinne an Phailitín. Ba ansin, agus na Protastúnaigh i riocht a mbuailte sa ghearmáin, a tháinig an Danmhairg isteach sa chogadh.

Cath an tSléibhe Bháin sa Litríocht[athraigh | edit source]

Tá Cath an tSléibhe Bháin mar chúlra le cuid mhór de na himeachtaí san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí

Tagairtí[athraigh | edit source]