Cath Thoraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oileán Thoraí

Comhrac cabhlaigh na gCogaí Réabhlóideacha Francacha ba ea Cath Thoraí, (uaireanta tugtar Cath Dhún na nGall, Cath Loch SuilíComhrac Warren air). Cath é a troideadh an 12 Deireadh Fómhair 1798 idir scuadrúin Fhrancacha agus scuadrúin Bhriotanacha amach ó chósta iarthuaiscirt Contae Dhún na nGall in Éirinn. Ba é an comhrac deireanach é Cath Thoraí den Éirí Amach Éireannach sa bhliain 1798, agus ba é a chuir críoch leis an iarracht dheireanach a rinne Cabhlach na Fraince ar líon suntasach saighdiúirí a thabhairt i dtír in Éirinn i rith an chogaidh.

Sháigh Cumann na nÉireannach Aontaithe iad féin isteach in éirí amach in aghaidh riail na Breataine in Éirinn i mí na Bealtaine 1798 faoi stiúir Theobald Wolfe Tone. Le himpí na gceannairceach tháinig fórsa beag Francach i dtír faoi stiúir an Ghinearáil Humbert i gCill Ala, ach ag tús mhí Mheán Fómhair bhí an tsluaíocht seo agus an t-éirí amach araon buailte. Ní raibh na Francaigh ar an eolas go raibh an t-éirí amach buailte agus an 16 Meán Fómhair cuireadh breis fórsaí Francacha chun bealaigh. Bhí an Cabhlach Ríoga san airdeall ar fhórsa ionraidh eile, áfach, tar éis dóibh fórsa ionradh amháin a chailleadh, agus nuair a d’fhág an scuadrún Brest agus na fórsaí á n-iompar acu ba ghearr gur tugadh faoi deara iad. Tar éis tóraíocht fhada, tosaíodh cath leis na Francaigh i gcuan amach ó Dhún na nGall gar do Thoraigh. Le linn an chatha, rinne na Francaigh – a raibh líon ní ba lú acu i gceist – iarracht éalú ach sáraíodh iad de réir a chéile. Ghabh na Briotanacha ceithre long agus scaip siad na marthanóirí. Ar feadh coicíse ina dhiaidh sin, dheifrigh patróil fhrigéid Bhriotanacha sa tóir ar na Francaigh an bealach ar ais chuig Brest, agus ghabh siad trí long eile. Níor tháinig ach dhá fhrigéad agus scúnar amháin slán as na deich long sa scuadrún Francach bunaidh. Maidir leis na Briotanacha, níor chaill siad mórán le linn an fheachtais.

Is éard a bhí sa chath ná iarracht dheireanach an Chabhlaigh Fhrancaigh ionradh a sheoladh in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór. Ba é sin deireadh le dóchas na nÉireannach Aontaithe go bhfaighidís tacaíocht ón taobh amuigh agus iad ag dul i ngleic leis an mBreatain. Tar éis an chatha, aithníodh Tone agus é ar bord na loinge ceannais Francach gafa agus gabhadh é. Rinneadh é a thriail do thréas, ciontaíodh é agus chuir sé a lámh ina bhás féin roinnt uaireanta sula raibh sé le crochadh.

Cúlra[athraigh | edit source]

Cath Chnoc Fhiodh na gCaor, inar chaill príomhfhórsa na nÉireannach Aontaithe an cath.

B’fhada an lá ónar aithin naimhde na Breataine ar Mhór-Roinn na hEorpa nár ghné láidir d'fhórsaí cosanta na Breataine í Éire. Sprioc straitéiseach a raibh éileamh mór air ba ea trúpaí a thabhairt i dtír ann, ní hamháin mar go bhféadfadh ionróir a bheith ag súil le tacaíocht ó chéatadán mór de dhaonra na tíre, ach freisin mar go mbeidís i gcoinne níos lú trúpaí agus trúpaí a bheadh níos neamhiontaofa ná in aon áit eile sa Bhreatain Mhór. Ina theannta sin, dá meallfá Arm na Breataine i bhfeachtas Éireannach leanúnach bheadh níos lú seans ann go mbeadh sí ar fáil do chogaí drámatúla eile.

Spreag reitric Réabhlóid na Fraince mórán Éireannach chun troda ar mhaithe le prionsabail na saoirse, na cothroime agus an bhráithreachais dá náisiún féin; ba é an chiall leathan a bhí le saoirse sa chomhthéacs seo neamhspleáchas a fháil ón Bhreatain Mhór. Bhunaigh Theobald Wolfe Tone, dlíodóir ó Bhaile Átha Cliath, Cumann na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1791 agus na spriocanna seo ar intinn aige. Bhí an tsochaí curtha faoi chois ag údaráis na Breataine toisc go ndeachaigh siad i bpáirt le poblacht na Fraince, agus cuireadh iallach orthu dul faoi thalamh nuair a thit an cogadh amach idir an Fhrainc agus an Bhreatain Mhór sa bhliain 1793. Thaistil Tone agus baill eile chuig an Fhrainc i ngan fhios chun áitiú ar Chomhdháil Náisiúnta na Fraince ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Ba é an dearcadh a bhí acu go bhféadfadh ionradh den sórt sin ag brath ar thacaíocht ó líon mór Éireannach sealadacha, agus dá n-éireodh leo chuirfeadh sé isteach go mór ar iarracht chogaidh na Breataine – b’fhéidir ar bhealach sách tromchúiseach chun iallach a chur ar an mBreatain síocháin a lorg.

Iarrachtaí ionraí[athraigh | edit source]

Bhí sé deacair déileáil le hÉirinn mar gheall ar na ranna polaitiúla Francacha. Bhí an próiseas coinnithe ar gcúl a thuilleadh ag treascairt Chabhlach Atlantach na Fraince sa bhliain 1794 ag an Combat de Prairial (nó The Glorious First of July mar a thug na Sasanaigh air) agus san oibríocht thubaisteach, Croisière du Grand Hiver, sa bhliain 1795. Shíolraigh na treascairtí seo meon diúltach i gcabhlach na Fraince, agus bhí smaoineamh straitéiseach eachtrúil á dhímholadh. Tharla sé de thoradh gur cailleadh na hoifigigh ab fhearr le linn an phurgaithe pholaitiúil de La Terreur. Sa deireadh, cuireadh fórsa ionraidh chun bealaigh i mí na Nollag 1796, faoi stiúir an Aimiréil Morad de Galles, ina raibh 17 long chogaidh agus 27 soitheach a bhí ní ba lú, agus iad ag iompar 25,000 fear. Cé gur fhan cuid den fhórsa isteach agus amach le seachtain i mBá Bheanntraí, níor tháinig oiread is saighdiúir Francach amháin i dtír, agus tubaiste iomlán a bhí sa tsluaíocht, inar cailleadh 13 long agus bádh os cionn 2,000 fear.

Rinne Tone agus a chompánaigh iarracht arís an bhliain dár gcionn. An uair seo chuir siad ina luí ar rialtas na hOllainne, a bhí faoi ghairm na Fraince ag an am, a shluaíocht féin a ullmhú. Ullmhaíodh cabhlach na hOllainne sa bhliain 1797, agus i mí Dheireadh Fómhair thug siad aghaidh ar Brest, agus é ar intinn acu nascadh le cabhlach na Fraince agus iarracht a dhéanamh an dara hionradh a sheoladh. Ní raibh cabhlach na hOllainne ar farraige ach ar feadh cúpla uair a chloig nuair a thug Cabhlach Ríoga na Mara Thuaidh aghaidh orthu faoi stiúir an Aimiréil Adam Duncan. D’ionsaigh Duncan láithreach, agus le linn Chath Camperdown gabhadh nó scriosadh deich long agus scaipeadh an chuid eile. Níor fhág cabhlach na Fraince an caladh riamh.

Éirí Amach 1798[athraigh | edit source]

Bhí an Comadóir Daniel Savary i gceannas ar an tríú hiarracht a raibh níos mó ratha ag baint léi agus é ag súil le tairbhe a bhaint as an éirí amach gan choinne a bhí ar siúl ar fud na hÉireann i mí na Bealtaine 1798. Thóg sé scuadrún frigéid a raibh bratach bhréagach Bhriotanach ar foluain air i dtreo Chill Ala, agus cuireadh 1,150 trúpa Francach i dtír faoi stiúir an Ghinearáil Humbert. Chuirfí fórsa níos mó chun bealaigh dá mbeadh na Francaigh ullamh. Bhí sé beartaithe go mbeadh an t-éirí amach Éireannach ag tarlú ag an am céanna le teacht i dtír na bhFrancach i dtosach, ach d’insíothlaigh oibríochtaí faisnéise na Breataine na hÉireannaigh Aontaithe agus ghabh siad go leor de na ceannairí, agus spreagadh réabhlóid dheifreach dá réir. In ainneoin go raibh rath luath ar chuid den éirí amach, faoin am ar tháinig Humbert bhí an bua ag na trúpaí Briotanacha ar na hairm cheannairceacha. D’éirigh le Humbert cath anseo agus ansiúd a bhuachan i gcoinne mílístí áitiúla, ach ní raibh siad in ann dul i ngleic le líon na mBriotanach i gCath Bhéal Átha na Muc, agus ghéill siad an 8 Meán Fómhair.

Misean Bompart[athraigh | edit source]

Léarscáil na hÉireann ina bhfuil Toraigh agus suíomh an chatha le feiceáil

D’ullmhaigh na Francaigh sluaíocht chun leanúint ar aghaidh faoi stiúir an Chomadóra Jean-Baptiste-François Bompart i ngan fhios dóibh go raibh Humbert tar éis géilleadh agus gur cailleadh an réabhlóid. D’fhág trí mhíle fear Brest ar an 16 Meán Fómhair agus iad ar bord na cathloinge an Hoche agus na n-ocht bhfrigéad. Bhí an Cabhlach Ríoga níos airdeallaí an babhta seo, áfach, toisc nach bhfaca siad scuadrún frigéid Savary roimhe sin. Chúrsáil patróil de fhrigéid iomramhacha amach ó na príomhchalaí Francacha agus na bealaí go hÉirinn. Sheol scuadrúin de chathlonga ó Fhlít an Chainéil in aice láimhe, agus iad réidh le corraí i gcoinne aon fhórsa ionraidh nua. Bhí Sir John Borlase Warren i gceannas ar an scuadrún sa stáisiún Éireannach. Oifigeach ba ea é a raibh sárthaithí aige agus bhí cáil air mar gur chreach sé cósta na Fraince go luath sa chogadh.

D’fhág scuadrún Bompart Brest go deireanach sa tráthnóna agus iad ag súil go mbeadh siad in ann sleamhnú thar longbhac cois cladaigh de chuid na Breataine. Thóg siad an iomarca ama le Passage du Raz a loingsiú, áfach, agus thug scuadrún frigéid faoi deara iad ag breacadh an lae an 17 Meán Fómhair faoi stiúir Richard Goodwin Keats ar bord an HMS Boadicea. Roinn Keats a chuid fórsaí láithreach. Thug sé ordú don HMS Ethalion, faoi stiúir an Chaptaein George Countess, agus don bhruig HMS Sylph, an fórsa Francach a leanúint fad is a bhí Keats ag cur an Tiarna Bridport, aimiréal Fhlít an Chainéil, ar an eolas faoi imeachtaí na bhFrancach.

An Captaen Countess sa tóir ar na Francaigh[athraigh | edit source]

Lean Bompart ar aghaidh ó thuaidh fós féin, cé go raibh sé ar an eolas go raibh na Briotanaigh sa tóir air. Bhí Countess sna sála orthu agus tháinig an HMS Amelia i gcabhair uirthi an 18 Meán Fómhair faoi stiúir an Chaptaein Oinigh Charles Herbert. Ar dtús agus í ó thuaidh de na Francaigh, thug an Amelia an tóraíocht faoi deara an lá roimhe sin agus bhí sí in ann breith orthu i rith na hoíche agus í ag gabháil go ciúin trí scuadrún Bompart. An lá dár gcionn, rinne Bompart iarracht an lámh in uachtar a fháil ar a chuid tóraitheoirí trí ligean air go raibh sé ag dul i dtreo Lorient, agus arís an lá ina dhiaidh sin ag ligean air go raibh sé ag dul ó dheas i dtreo Antilles. D’fhan na captaein Bhriotanacha sa tóir air, áfach, agus an 20 Meán Fómhair ní raibh idir iad agus fórsa Bompart ach naoi míle, agus Bompart ag leanúint siar ó dheas ar nós go raibh sé ag dul i dtreo thíortha Mheiriceá. Tháinig an HMS Anson i gcabhair ar fhórsa na Breataine ina theannta sin. Frigéad mór razée a bhí ansin faoi stiúir Philip Charles Durham.

Faoi thráthnóna an 23 Meán Fómhair, thuig Countess go raibh na Francaigh ag díriú i dtreo na hÉireann agus údar aige, in ainneoin iarrachtaí Bompart dallamullóg a chur orthu maidir lena cheann scríbe. Cuireadh an bhruig Sylph chun bealaigh chun fainic a chur ar Warren agus ar long Bhriotanach ar bith eile a casadh uirthi. Dhá lá ina dhiaidh sin, an 25 Meán Fómhair, cuireadh iallach ar Bompart a long a tharraingt soir agus cuireadh moill air nuair a chuaigh conbhua Briotanach a raibh 100 long ann thar bráid ar an taobh ó thuaidh. Fir ó Oirthear na hIndia a raibh airm go leor acu a bhí sa chonbhua seo, agus iad faoi chosaint roinnt frigéad agus bhí siad mar bhagairt thromchúiseach ar longa Bompart a bhí thar a mbreith. Rinne sé iarracht an ruaig a chur ar aon duine a bhí sa tóir air trí chur in iúl go raibh sé ag dul i dtreo scuadrún Countess, ach ní dhearna na longa Briotanacha a bhí níos tapúla ach tarraingt siar achar sábháilte, agus iad ag tosú sa tóir arís a luaithe is a bhí na Francaigh ar ais ar an gcúrsa arís. An 29 Meán Fómhair rinne Bompart iarracht dheireanach an ruaig a chur ar an dream a bhí ina dhiaidh. Bhain sé triail as cath a throid leis na frigéid Bhriotanacha ag baint úsáide as trí fhrigéad dá chuid féin – an Immortalité, an Loire agus ceann eile. Níor éirigh leis an bplean seo tar éis dá long cheannais an Hoche barrchrann a chailleadh i ndrochaimsir agus mar sin, thit sé ar chúl an chuid eile den scuadrún, rud a chuir iallach ar na frigéid filleadh chun í a chosaint.

Sa deireadh, stop Bompart a chur i gcéill go raibh sé ag díriú ar thíortha Mheiriceá agus chas sé siar ó thuaidh mar nárbh fhéidir leis éalú. An lá ina dhiaidh sin, chaill an Hoche agus an Anson araon barrchrann mar gheall ar ghaoithe láidre, rud a chuir moill ar an dá scuadrún. D’éirigh leis an Hoche an deisiú a dhéanamh níos tapúla agus chuaigh na Francaigh chun cinn. Lean an tóraíocht ar aghaidh díreach ó thuaidh ar feadh ceithre lá go dtí an 4 Deireadh Fómhair nuair a tharla stoirm, agus d’éirigh le Bompart an lámh in uachtar a fháil ar Countess sa dorchadas. D’imigh an Amelia ón gcúrsa mar gheall ar na gaoithe móra agus í curtha i bhfad óna comhthírigh. Rinneadh dochar don Anson arís agus cailleadh dhá bharrchrann an uair sin.

Tháinig feabhas ar an aimsir an 11 Deireadh Fómhair. Thug Countess dhá sheol faoi deara ó dheas agus chuaigh sí ann leis an Ethalion chun imscrúdú a dhéanamh. An Amelia agus long chogaidh ó scuadrún Warren a bhí ann, agus iad ag dul ó thuaidh tar éis dóibh fainic an Sylph a fháil agus iarracht á déanamh acu na Francaigh a idircheapadh. Chuaigh dhá fhrigéad sa bhreis ─ an HMS Melampus faoi stiúir an Chaptaein Graham Moore agus an HMS Doris faoi stiúir an Tiarna Ranelagh ─ i gcabhair ar scuadrún Warren, a raibh trí long chogaidh agus an frigéad razée HMS Magnanime ann, an lá roimhe sin. Cheangail Warren an Melampus dá scuadrún agus dhícheangail sé an Doris chun scabhtáil feadh chósta na hÉireann, sa réigiún i nDún na nGall ach go háirithe, áit ar tháinig na Francaigh i dtír roimhe sin.

Warren sa tóir ar na Francaigh[athraigh | edit source]

Choimeád Bompart an cnoc ar a thóraitheoirí sa deireadh agus dhírigh sé ar Loch Suilí, áit a mbeadh sé ag teacht i dtír. Ní raibh sé ar an eolas gur cailleadh an cath. Bhí sé ag súil go mbeadh airm Hubert ag oibriú i gceantar Loch Suilí, faoi mar a bhí beartaithe san fheachtas sular fhág Humbert an Fhrainc. . Agus é ar an gcósta, chuardaigh Bompart áit a mbeadh feiliúnach chun teacht i dtír. Níor éirigh leis áit a aimsiú roimh thitim na hoíche an 10 Deireadh Fómhair. Chaith sé an oíche gar do Thoraigh, ach tháinig ionadh air an lá dár gcionn nuair a chonaic sé seolta ag bun na spéire. Bhí scuadrún Warren ann in éineacht le longa Countess agus bhí fórsa thar na bearta ann chun na Francaigh a choscairt. Chaith sé uaidh an smaoineamh na trúpaí a thabhairt i dtír. Tharraing Bompart a chuid longa gar don ghaoth chun spás a thabhairt dóibh ionramháil agus deis a thabhairt dá gcaptaein éalú ó na Briotanaigh a bhí ag druidim leo.

I gcaitheamh an lae, bhí scuadrún Warren ag druidim ón oirthuaisceart fad is a bhí Bompart ar a dhícheall ag iarraidh an mórmhuir a shroicheadh. Cuireadh bac ar an dá chabhlach mar gheall ar ghála a tháinig trasna na farraige roimh 20:00. Leagadh na trí bharrchrann de chuid an Hoche agus bhí an seol deiridh ina smidiríní. D'fhág sin go raibh sí níos moille ná a comhthírigh agus cuireadh brú orthu fanacht siar chun í a chosaint. Bhí longa eile ag fulaingt ina theannta sin, mar cuireadh poll sa long Fhrancach an Résolue agus chaill an HMS Anson a crann deiridh agus mórán barrchrainn.

Cath Thoraí[athraigh | edit source]

Sir John Borlase Warren
Mark Oates, 1799

I rith na hoíche, rinne Bompart iarracht na Briotanacha a dhíthreorú agus é ag tabhairt ordú don fhrigéad Résolue í féin a tharraingt aníos ón bhfarraige agus bladhmanna guaise a scaoileadh. Bhíothas ag súil go gcuirfí Warren ar seachrán ón tóraíocht leis seo. Ní heol an fáth nár cuireadh an t-ordú sin i gcrích, agus ar maidin bhí Warren fós sna sála ar Bompart, a raibh a chuid long ag seoladh in dhá líne mhíchothroma. Bhí fórsa Warren níos scaipthe. Bhí an HMS Robust agus an HMS Magnanime 4 mhíle loingseoireachta (7.4 km) taobh thiar de na Francaigh agus iad ag druidim leo. Bhí an Amelia agus an Melampus beagán ar a gcúl agus bhí an bhratlong HMS Canada agus an HMS Foudroyant 8 míle loingseoireachta (15km) ón namhaid. Bhí na longa Briotanacha eile scaipthe ar fud an chipe sin cé is móite den Anson, a bhí i bhfad ar chúl agus as amharc.

Thuig Bompart nach raibh deis éalaithe aige agus go mbeadh air troid chun imeacht ó na Briotanacha. Chuir sé a scuadrún ina líne chatha agus dhírigh sé ar an iarthar agus é ag fanacht ar chomhartha Warren don ionsaí. Ach níor bhain Warren úsáid as an gcomhartha sin, mar go raibh a scuadrún chomh scaipthe sin, go dtí 07:00 nuair a thug sé ordú don Robust stiúradh i dtreo na líne Francaí agus ionsaí a dhéanamh go díreach ar an Hoche. Chomhlíon an Captaen Edward Thornbrough ón Robust an t-ordú láithreach agus ghéaraigh sé ar na Francaigh. Scaoil siad i dtreo na bhfrigéad an Embuscade agus an Coquille agus é ag gabháil thar bráid, sular ghéaraigh sé ar an Hoche agus cuireadh tús le comhrac aonair airtléire neasraoin ar 08:50.Tháinig an Magnanime in imnise chatha cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, agus í ag scaoileadh ar na frigéid ar chúl agus cath ar siúl aici le Immortalité, Loire agus Bellone na Fraince, a bhí taobh amuigh den líne in iarracht í a chlaonadh siar. Rinne na trí long Bhriotanacha eile ─ an Ethalion, an Melampus agus an Amelia ─ an Hoche a chlaonadh siar agus iad ag gabháil thar bráid. Ansin sheol siad ar aghaidh sa tóir ar na frigéid Fhrancacha a bhí ag déanamh dul chun cinn siar ó dheas. Níor thug an Canada ná na longa eile Briotanacha aird ar an Hoche ach amháin chun urchar nó dhó a scaoileadh leo i bhfad uathu. Bhí drochbhail uirthi faoin am go ndeachaigh sí thar bráid tar éis di lascadh leantach a fháil ón Robust agus ón Magnanime. Ghéill Bompart sa deireadh ar 10:50 agus 270 dá chriú agus dá phaisinéirí maraithe nó gortaithe.

Ba í an Embuscade an chéad long eile a ghéill, tar éis di batráil a fháil ag an tús agus rinneadh damáiste di tar éis don Foudroyant scaoileadh léi ar raon fada le linn na tóraíochta. Ghéill an Captaen de la Ronciére ar 11:30 in ionad ligean do mhórán longa Briotanacha a long a scriosadh. Ghabh an Magnanime an Embuscade tar éis di éifeachtaí an chatha leis an Hoche a fhulaingt. Lean sí ar aghaidh díreach taobh thiar den fhlít a bhí fágtha. D’fhan an Robust le taobh an Hoche, a céile iomaíochta roimhe sin, chun seilbh a ghlacadh. D’fhulaing sí go leor óna comhrac aonair leis an Hoche. Agus an ghaoth mar threoir dóibh, tugadh scuadrún na Fraince i dtreo na long Briotanach a bhí ar sraoilleadh, ag tosú leis an Foudroyant. Bhí an chuid is mó de na frigéid in ann an lámh in uachtar a fháil ar an namhaid troiméiseach úd, ach ní raibh an Bellone chomh hádhúil sin. Mhaidhm bosca gránáidí i gceann dá barrchrann mar gheall ar urchar amhantrach a tháinig ó long chogaidh. Tharla tine thubaisteach dá bharr a cuireadh faoi smacht ar deireadh, ach chuir sé moill mhór orthu. D’ionsaigh an Melampus í ina dhiaidh sin agus rinneadh tuilleadh damáiste di. In aice láimhe, ghéill an Coquille a bhí ag streachailt tar éis don Canada an lámh in uachtar a fháil uirthi. Thug Warren ordú don Magnanime, a bhí ag leanúint go mall, seilbh a ghlacadh.

Ghlac an Ethalion le cúram an Melampus an Bellone a leanúint. Leanadh de lámhach ar feadh dhá uair an chloig lena gunnaí móra ar an long Fhrancach. Bhí an Ethalion níos tapúla ná an long a bhí á leanúint aici, agus bhí sí ag tarraingt de réir a chéile ar an Bellone i rith an tráthnóna, ach ní raibh sí in ann teacht sách gar di chun damáiste a dhéanamh. Lean an tóraíocht dhá uair an chloig eile sular ghéill an Bellone ar deireadh. D’fhulaing an Bellone níos mó taismeach ná aon long eile a bhí i láthair seachas an Hoche. Ó dheas, bhí an Anson ─ long a bhí ag streachailt ─ i mbaol nuair a tháinig na frigéid a bhí fágtha ina treo le chéile ag luas lasrach.Ar dtús bhí an Captaen Durham trína chéile lena gcur chuige mar go raibh sé rófhada uathu chun an cath a fheiceáil agus bhí bratacha bréagacha na Breataine ar foluain acu. Ach ní raibh sé i bhfad sular thug sé faoi deara cé a bhí ann agus ar 16:00 scaoil sé urchar leis an Loire. Coinníodh an Anson, a raibh damáiste déanta di, siar mar nach raibh sí in ann ionramháil, agus níorbh fhéidir léi aon rud a dhéanamh nuair a thit na longa Francacha siar agus nuair a d’imigh siad leo, seachas leanúint uirthi ag scaoileadh urchair go dtí go raibh na Francaigh as raon. Sa tráthnóna, tharraing na frigéid Fhrancacha a bhí fágtha siar ón dream a bhí á leanúint de réir a chéile agus d’imigh siad as amharc i ndorchadas na hoíche, agus iad ag fágáil ceathrar dá scuadrún ina ndiaidh, lena n-áirítear a long cheannais, mar chimí.

An Tóraíocht[athraigh | edit source]

Le titim na hoíche chuaigh cuid de na longa Francacha a bhí fágtha isteach chuig Bá Dhún na nGall agus bhí an Canada , an Melampus agus an Foudroyant fós ina ndiaidh. Ghabh an dá fhórsa thar bráid a chéile arís agus arís eile sa dorchadas, agus ba bheag nár tháinig an Canada i dtír. Maidir leis an gcath, thug Warren ordú don Robust an Hoche a tharraingt ar téad go dtí Loch Suilí. Ordú neamhghnách a bhí anseo, mar go raibh an Robust í féin batráilte agus níor cheansaigh stoirmeacha na seachtaine roimhe sin. Nuair a tháinig gála an 13 Deireadh Fómhair, chaill an Hoche crainn ar leith agus bhris sí an barrach. Throchlódh sí murach na hiarrachtaí ó shárchriú na Breataine agus a bpríosúnaigh Fhrancacha araon. Sa deireadh, an 15 Deireadh Fómhair, bhí an Doris le feiceáil agus an Hoche ar théad aici. Bhain siad Loch Suilí amach gan aon stró eile cúpla lá ina dhiaidh sin. Idir an dá linn, chinntigh an Ethalion go raibh an Bellone ag gabháil don chaladh, agus thug an Magnanime agus an Amelia isteach an Coquille agus an Embuscade faoi seach.

An Melampus agus an Résolue[athraigh | edit source]

Go luath an 13 Deireadh Fómhair, chonaic Warren péire de na frigéid Fhrancacha amach ó Bhá Dhún na nGall agus chuaigh sé ina ndiaidh, agus é ag tabhairt ordú do Moore sa Melampus fanacht siar chun straigléirí a aimsiú. Cuireadh moill ar an Melampus mar gheall ar ghaoithe móra agus chuardaigh sí an bhá go dtí tamall i ndiaidh thitim na hoíche, agus ar 23:30 baineadh geit aisti nuair a chonaic sí an Immortalité agus an Résolue díreach os a comhair amach in aice le Pointe Charraig an Rois. Ba ghearr go raibh an Melampus feicthe ag an Immortalité agus chroch sí a seolta ach ní fhaca an Captaen Bargeau ón Résolue an long Bhriotanach agus bhí drogall air a chomhthíreach a leanúint sa dorchadas. Ghlac sé gur an Melampus a bhí ann in ionad an Immortalité sa ruaille buaille agus scaoil an Melampus urchar nuair a bhí siad taobh le chéile. Thuig sé an dearmad a rinne sé nuair a bhí an t-urchar scaoilte. Bhí gunnaí ar bord an Résolue ceangailte le chéile faoi dheic, agus mar sin níor fhéad sí scaoileadh ar ais ach amháin ó ghunnaí a bhí aici ar an deic cheathrún. Thuig Bargeau nach raibh aon mhaith ann sa fhrithbheartaíocht, agus ghéill sé tar éis cúpla nóiméad. Cailleadh deichniúr agus mórán dá thácla. Chuir an Melampus sárchriú ar bord agus d’imigh siad sa tóir ar an Immortalité.

Imeacht an Loire[athraigh | edit source]

D’éalaigh an Loire agus an Sémillante ón gcath go dtí Cuan an Fhóid Duibh, áit ina raibh siad ag fanacht i bhfolach go dtí go mbeadh bealach sábháilte acu ar ais chuig an bhFrainc. Go deireanach an 15 Deireadh Fómhair tháinig scuadrún frigéid Briotanach faoi stiúir James Newman. Thrasnaigh Newman an ceann tíre ar an taobh dheas den chuan, áfach, rud a chuir ruaig ar na longa Francacha teitheadh ó thuaidh. Lean an tóraíocht ar aghaidh. Thug Newman ordú don HMS Révolutionaire a haird a dhíriú ar an Séimillante agus sheol sé féin an HMS Mermaid, in éineacht leis an mbruig HMS Kangaroo, sa tóir ar an Loire. Scar an Loire agus an Sémillante ionas go mbeadh ar an dream a bhí ina ndiaidh imeacht ó chéile. Chaill an Mermaid agus an Kangaroo tuairisc ar an Loire go luath sa tráthnóna, agus d’éalaigh an Sémillante ón Révolutionaire tar éis thitim na hoíche.

Ba ar maidin an 16 Deireadh Fómhair a thug Newman an Loire faoi deara áfach, agus í ag bun na spéire agus d'ordaigh sé dá longa dul sa tóir uirthi láithreach. Bhí an Loire níos tapúla ná an Mermaid sna gaoithe móra ach ní raibh sé in ann an lámh in uachtar a fháil ar an Kangaroo, a thug cath ar an Loire ─ frigéad a bhí i bhfad ní ba mhó ná é ─ i gcomhrac aonair airtléire i bhfad ó láthair. Bhí éagothroime i gceist idir na comhraiceoirí maidir le meáchan na n-urchar. Thit an Kangaroo siar tar éis di damáiste a fháil dá tácla. Bhí damáiste déanta don Loire freisin, agus faoi 06:45 an mhaidin dár gcionn thuig an Captaen Segond nárbh fhéidir leis imeacht óna báid a bhí sa tóir air agus ghiortaigh sé seol ina áit, agus é i gceist aige troid leis an Mermaid—an t-aon bhád a bhí faoi fhad láimhe dó.

Tháinig an Mermaid agus an Loire le troid sa chath ar 07:00, agus ghéaraigh an lámhach airtléire tar éis gur stop fear stiúrach na loinge Briotanaí an Loire san iarracht dul ar bord loinge. D’fhulaing an dá long damáiste mór. Leag an Mermaid roinnt sparraí de chuid a céile comhraic, ach d'fhulaing sí féin dá réir ó mhuscaedaíocht na saighdiúirí a bhí fós ar bord an Loire. Ar 09:15, chaill an soitheach Francach sparra eile agus chinn Newman ar a céile comhraic a chlaonadh siar. Leag urchar ón Loire crann deiridh an Mermaid agus an ionramháil seo ar siúl aici, agus rinneadh doláimhsithe í. D’fhág an Loire batráilte an troid ina diaidh chun éalú léi, agus í ag taisteal i bhfad uathu sula raibh deis ag criú Newman raic an tseolchrainn a scoitheadh. Coinníodh obair deisiúcháin an Mermaid siar arís mar gheall ar ghaoithe móra mar gur stróiceadh roinnt seolta agus sparraí agus bádh siúinéir na loinge nuair a chuir an ghaoth thar bord é. Bhí an Loire tar éis éalú faoin am go raibh an Mermaid réidh chun troda arís.

Le breacadh an lae an 18 Deireadh Fómhair, tugadh an HMS Anson faoi deara in aice láimhe, rud a bhí mí-ámharach don Chaptaen Segond. Bhí sí ag seoltóireacht go bacach tar éis an damáiste a rinneadh dá tácla agus dá seolchrainn roimh an gcath an 12 Deireadh Fómhair. Ní raibh an Captaen Durham réidh an dara deis a chur amú chun dul i mbun catha, agus dhírigh sé a shoitheach ar an Loire, a raibh bail níos measa uirthi ná an Anson agus níorbh fhéidir léi éalú. Bhí an Kangaroo in éineacht leis an Anson. Tháinig sí as an damáiste a rinneadh an 16 Deireadh Fómhair agus bhí sí réidh chun troda arís. Ar 10:30, thosaigh an Anson agus an Loire ag lámhach a chéile ach ní raibh ceachtar acu in ann ionramháil go héifeachtach agus iad araon ag brath ar chumhacht lámhaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar a céile comhraic. Ghéaraigh an Kangaroo ar speir an Loire a bhí gan chosaint, agus í ag lámhach na loinge Francaí agus á claonadh siar arís agus arís eile. Faoi 12:00, bhí a crann mór caillte ag an Loire agus bhí sí ag ligean uisce isteach, rud a chuir brú ar an Segond géilleadh. Tarraingíodh a long ar téad chuig an gcaladh agus í ina séú comhramh don fheachtas.

An Fisgard agus an Immortalité[athraigh | edit source]

D’éirigh leis an gceathrar a bhí fágtha ón bhflít Francach an tóraíocht a sheachaint den chuid ba mhó, agus faoin 19 Deireadh Fómhair bhí siad ag druidim le Brest go neamhspleách agus súil acu sleamhnú tríd an mbac Briotanach thart timpeall an chalaidh. Rinne an Captaen Mathieu-Charles Bergevin ón Romaine iarracht na trúpaí a thabhairt isteach ar a long in Éirinn an 13 Deireadh Fómhair, ach cuireadh iallach air an plean seo a thréigean nuair a dhiúltaigh na saighdiúirí tabhairt faoin tír. Sheol sé ó dheas ansin agus d’éirigh leis aon teagmháil le fórsaí na Breataine a sheachaint agus é in éineacht leis an scúnar Biche. Shroich sé Brest an 23 Deireadh Fómhair. Ar an lá céanna, bhain an Sémillante – an long dheireanach Fhrancach a tháinig abhaile – Lorient amach tar éis di an lámh in uachtar a fháil ar thóraíocht an Révolutionaire.

Ba bheag nár bhain an Immortalité sábháilteacht amach. Bhí an Captaen Jean-François Legrand ag druidim le Brest ar maidin an 20 Deireadh Fómhair nuair a thug an Captaen Thomas Byam Martin ón HMS Fisgard faoi deara é. Thairg an Fisgard – cuid den scuadrún cois cladaigh longbhac Brest─chun dul i mbun catha láithreach. Rinne an Immortalité iarracht éalú ar dtús ach cuireadh iallach uirthi dul i mbun catha leis an Fisgard, a bhí níos tapúla, ar 11:00. D’fhulaing an Fisgard damáiste tromchúiseach agus chuaigh a céile comhraic amú uirthi le linn an chatha, cath a bhí i neasraon agus nimhneach. Ghéill an Immortalité ar 15:00 tar éis di a seolchrann a chailleadh agus bhí sí ag dul faoi uisce. Bhí an Captaen Legrande, a leifteanant agus an Ginearál Monge (ceannasaí an 250 saighdiúir ar bord) i measc an 115 taismeach ar bord an Immortalité agus iad go léir marbh. D’éirigh leis an Fisgard a comhramh a thabhairt isteach ag an gcaladh, le cúnamh na long eile sa scuadrún longbhaic.

Scuadrún Savary[athraigh | edit source]

Ní raibh ardcheannas na Fraince díomhaoin le linn scriosadh a fhórsa ionraidh. D'ullmhaigh siad agus chuir siad an dara scuadrún de cheithre fhrigéad chun bealaigh faoi stiúir an Chomadóra Daniel Savary. Tugadh ordú don fhórsa sin tacaíocht a thabhairt do Bompart ar dtús, ach cuireadh an cúram air níos déanaí na daoine a tháinig slán ón scuadrúin a thabhairt ar ais chuig an bhFrainc. D’fhoghlaim Savary faoin scriosadh maidir le scuadrún Bompart agus éirí amach na hÉireann araon ó dhaoine áitiúla báúla i gCill Ala an 27 Deireadh Fómhair agus chas sé ó dheas láithreach agus é ag súil le cinniúint dá leithéid a sheachaint. An 28 Deireadh Fómhair thug scuadrún le trí long a bhí faoi stiúir James Saumarez faoi deara é, áfach. Scuadrún ina raibh dhá long chogaidh a bhí ann. Chuaigh Saumarez sa tóir orthu láithreach agus bhí na scuadrúin ag lámhach a chéile le canónacha fadachair i gcaitheamh an lae. Chaill bratlong Saumarez, an HMS Caesar, a barrchrann tosaigh sna gaoithe láidre go deireanach sa tráthnóna agus cuireadh faoi stiúir Sir Richard Bickerton sa HMS Terrible í.

Tar éis lá eile tóraíochta, scar Savary a scuadrún ó chéile go deireanach ar an 29 Deireadh Fómhair. Chuir sé dhá fhrigéad soir ó dheas agus dhá fhrigéad eile siar ó thuaidh. Scar Bickerton a fhórsa ó chéile mar fhreagra air sin. Chuir sé a fhrigéad HMS Melpomene i ndiaidh an ghrúpa a bhí ag dul ó dheas agus lean sé Savary sa Terrible. Faoin 30 Deireadh Fómhair, bhí an dá long Bhriotanacha laistigh de 2 mhíle loingseoireachta (3.7 km) dá gcéilí comhraic agus iad réidh chun troda. Ach tháinig sé ina dhianstoirm sa cheantar. Bhí longa Savary ag géarú na tóraíochta trí ghunnaí, caiple agus trealamh a chaitheamh thar bord chun iarracht a dhéanamh a longa a dhéanamh níos éadroime. Mar sin, bhí ag éirí níos fearr leo sna gaoithe móra. Níorbh fhéidir leis na longa Briotanacha aithris a dhéanamh ar luas a gcéilí comhraic agus thit siad siar. Bhí na longa Francacha as amharc nuair a d’athraigh an aimsir. D’fhill na ceithre long go neamhspleách ar Brest, rud a chuir deireadh le hiarracht dheireanach na bhFrancach ionradh a dhéanamh ar Éirinn.

Theip ar iarracht Chabhlach Phoblacht na Batáive tacú le flít ionraidh na bhFrancach. Chuir an Cabhlach an dá fhrigéad, an Furie agus an Waakzaamheid, go hÉirinn le soláthairtí míleata an 24 Deireadh Fómhair. Rinne an frigéad Briotanach, an HMS Sirius, an dá long sin a idircheapadh agus a ghabháil tar éis cúpla uair an chloig dóibh an caladh a fhágáil.

An Iarmhairt[athraigh | edit source]

Nuair a d’fhill Savary ar an gcaladh, ba é sin deireadh leis an iarracht dheireanach a rinne náisiún ilchríochach trúpaí a thabhairt i dtír in Éirinn. Bhí caillteanas na bhFrancach san oibríocht chomh dona sin nár smaoiníodh riamh ar iarracht eile a dhéanamh. Cuireadh deireadh le dóchas tús a chur le héirí amach arís, mar gur cailleadh go leor Éireannach ann agus, ina theannta sin, mar gheall ar bheartais díoltais na mBriotanach in aghaidh phobal na hÉireann. Aimsíodh Wolfe Tone i measc na bpríosúnach a tógadh ón Hoche. Gabhadh é, rud a chuir as go mór do na hÉireannaigh Aontaithe. Ciontaíodh Tone i dtréas agus daoradh chun báis é, ach chuir sé lámh ina bhás féin sula raibh deis an bhreith a chur i gcrích.

Measadh sa Bhreatain gur éirigh go iontach leis an gcath agus ghabh an pharlaimint buíochas leis an bhfórsa go léir. Tugadh ardú céime do líon mór d’oifigigh shóisearacha agus bronnadh airgead ar gach ball den chriú tar éis dhíolachán na soithí gafa. Ceannaíodh an Immortalité agus an Loire i measc na gcomhramh sin, agus sheol siad sa Chabhlach Ríoga le blianta fada, faoina n-ainmneacha féin. Tugadh an HMS Donegal ar an Hoche agus an HMS Ambuscade ar an Embuscade. Bhí sé beartaithe an Coquille a dhíol ach tharla pléasc thubaisteach armlóin ar bord i Nollaig na bliana 1798. Maraíodh trí dhuine dhéag sa tubaiste sin agus scriosadh an soitheach ar fad. Measadh go raibh an dá chomhramh dheireanacha, an Résolue agus an Bellone, róshean agus go raibh an iomarca damáiste déanta dóibh chun seirbhís ghníomhach a chur ar fáil. Cheannaigh an Cabhlach Ríoga iad, áfach, chun airgead comhraimh a chur ar fáil dá bpríosúnaigh. Tugadh an HMS Proserpine ar an Bellone agus an HMS Resolue ar an Résolue. Bhí an dá long sin ag feidhmiú mar shoithigh chuain ar feadh roinnt blianta, go dtí gur briseadh ina bpíosaí iad.