Cath Tampere

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Tampere
Cogadh Cathartha na Fionlainne, Cogadh Cathartha na Rúise agus Tavastia Front (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta8 Márta –  6 Aibreán 1918
Comhordanáidí61°30′N 23°45′E / 61.5°N 23.75°E / 61.5; 23.75
ÁitTampere
Tíran Fhionlainn

I gCogadh Cathartha na Fionlainne, mhair Cath Tampere ón 16 Márta go dtí an 6 Aibreán 1918. De thoradh an chatha, shealbhaigh na Gardaí Bána an áit ba mhó tionsclaíochta sa tír ó na Gardaí Dearga. Ullmhúcháin don chath faoi Tampere ab ea an briseadh tríd an bhfronta a rinne na Bána i Länkipohja i gceantar Längelmäki taobh thoir thuaidh den chathair, chomh maith leis na cathanna lastuaidh agus taobh thiar thuaidh de Tampere ar feadh na líne a rith trí Vilppula, Kuru, Kyröskoski agus Suodenniemi. Nuair a bhuaigh na Bána na cathanna i Lempäälä ar an 24 Márta agus i Siuro ar an 26 Márta, bhí Tampere imdhruidte ag na Bána.

Bhí cath Tampere ar an gcath ba mhó a cuireadh i gCríoch Lochlann riamh, agus 16,000 saighdiúir páirteach ann ar an taobh Bán, 14,000 ar an taobh Dearg. Faoin am seo, bhí na Dearga ag éirí cleachta ar an gcogadh, agus iad dáigh dána dásachtach ag cosaint na cathrach. Níor thaise do na Bána ach an oiread, nó chuir siad rogha a dtrúpaí sa chath. Ar Dhéardaoin Mandála na Fola, an 28 Márta, bhí na Dearga ábalta fanacht ar foscadh agus aimsiú ceart a fháil, agus d'éirigh leo an-éirleach a dhéanamh ar na Bána. Maraíodh leathchéad fear de na hóglaigh a fuair oiliúint sa Ghearmáin, agus chaill aonaid áirithe san Arm Bán níos mó ná fear as gach beirt.

Reilig Kaleva tar éis Chath Tampere (Aibreán 1918)

An t-ionsaí a shocraigh an scéal sa deireadh, cuireadh tús leis le lámhach láidir airtléire a bhí dírithe ar lár na cathrach, ar an 3 Aibreán 1918. Bhí trúpaí an dá thaobh ag cur troda faoi gach teach, mar is dual do chathanna cathrach. San am seo, freisin, ní raibh mórán eachtrannach páirteach sa chathair, nó bhí an chuid ba mhó de na Rúisigh glanta as an tír, agus ní raibh teacht na nGearmánach ach ar na bacáin.

Maraíodh 700-900 duine de na Gardaí Bána. Chaill na Gardaí Dearga 1,000-1,500 duine, ina measc Hugo Salmela, duine de na hoifigigh ab fhearr dá raibh acu. Cimíodh 11,000-12,000 Garda Dearg. Fuair 71 sibhialtach bás, an chuid ba mhó acu faoi chith na n-urchar as na gunnaí móra airtléire. Chuaigh cuid mhór de na sibhialtaigh ar lorg foscaidh sna teampaill, ar nós Ard-Eaglais Tampere agus in Eaglais Alastair (Aleksanterinkirkko). Chuaigh ceantair áirithe den chathair, go háirithe Tammela agus Kyttälä, de dhroim an tsaoil go hiomlán.

I ndiaidh chath Tampere, thréig na Dearga iarthar na tíre. Bhí cathanna móra á gcur in oirthear na Fionlainne i gcónaí, go háirithe timpeall Viipuri. Ghabh na Bána an chathair sin ar an 29 Aibreán. Bhí 18,500 saighdiúir Bán agus 7,000 duine de na Gardaí Dearga páirteach sa chath seo. Fuair leathchéad fear de na Bána bás sa chath seo, agus dealraíonn sé gur bhásaigh deichniúr nó dáréag ar an taobh Dearg in aghaidh gach Garda Bán acu siúd. Cimíodh na mílte Dearga freisin, agus tháinig na Bána i seilbh an-chreiche: trí chéad gunna mór airtléire, dhá chéad inneallghunna, traein armúrtha, agus cuid mhór bia agus lón cogaidh.