Cath Lios Cearúill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tharla Cath Lios Cearúill i gContae Chorcaí sa bhliain 1642. Bhuaigh an ceannasaí Protastúnach Murchadh Ó Briain, Barún Inse Uí Chuinn, ar arm Caitliceach de chuid Lucht na Comhdhála a raibh Gearóid de Barra, saighdiúir gairmiúil, i gceannas air.

Is éard a bhí i arm na Comhdhála mílistí a thóg tiarnaí áitiúla tar éis Éirí Amach na bliana 1641. Saighdiúirí Sasanacha agus Protastúnaigh áitiúla a bhí in arm an Bhrianaigh.

Ghabh de Barra Caisleán Lios Cearúill, daingean ar bhruach na hAbhann Bige, agus é ag iarraidh smacht a fháil ar Chorcaigh. Thosaigh an t-imshuí ar 20 Lúnasa. Bhí páirceanna laisteas agus laistiar den chaisleán, agus portaigh nó coillte thuaidh agus thoir. An Sáirsint Thomas Ryeman a bhí i gceannas ann, tríocha fear aige agus armlón go leor, ach shuigh de Barra a chuid gunnaí móra ar chnocán agus ghéill Ryeman Dé hAoine 2 Meán Fómhair.

An Comhrac[athraigh | edit source]

Bhí arm na Comhdhála ag brath ar Dhún ar Aill a bhaint amach, ach tháinig an Brianach ó Chorcaigh chun an caisleán a athghabháil agus shocraigh de Barra ar dhul i ngleic leis. Bhí a arm roinnte ina thrí ghasra: an eite dheas ar ardán leis an marcra, an eite chlé le hais an chaisleáin agus gunnaí móra mar chosaint acu, an príomhghasra idir an dá cheann eile agus pící ar iompar acu.

Thug an t-ionad seo buntáiste d’fhórsaí na Comhdhála, agus d’iarr an Brianach na hÉireannaigh a mhealladh amach le hamas bréige. Theip air: chosain na hÉireannaigh an áit le muscaedóirí, agus bheartaigh an Brianach ar iad a ionsaí i gceart. Bhí a chuid coisithe lag le cruatan, agus ba mhó an éifeacht a bhí lena mharcra. Bhí gunnaí móra na nÉireannach suite ró-ard chun mórán díobhála a dhéanamh.

Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra na Comhdhála. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go dtí mainistir Eas Géitine, agus adhlacadh é le hais uaigh a athar sa tseaneaglais ann.

Maraíodh os cionn 700 saighdiúir de chuid na Comhdhála, agus a lán oifigeach san áireamh. Is iomaí fear d'uaisle Chaitliceach na háite a maraíodh: chaill Gearaltaigh Dheasmhumhan ocht bhfear déag, agus cuireadh iad go léir i ráth a bhí in aice na háite. Chroch an Brianach caoga oifigeach ar maidin an lá dar gcionn, agus d'fhan Corcaigh i seilbh na Sasanach.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Lenihan, Pádraig (2001). Confederate Catholics at War 1641-49, lch 63. Cork University Press. ISBN 1-85918-244-5
  • Ohlmeyer, Jane (2012). Making Ireland English: The Irish Aristocracy in the Seventeenth Century, lgh 266-267. Yale University Press. ISBN 978-0-300-11834-6