Cath Eachroma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Eachroma
Cuid de Chogadh an Dá Rí
Cath Eachroma

Cros chuimhneacháin ar Armhá Eachroma

Dáta: 12 Iúil 1691
Áit: Is gaire, Eachroim, in iarthar na hÉireann
Toradh: Bua Chlann Bhullaí
Céilí comhraic
Arm Seacaibíteach
(Trúpaí Éireannacha agus Francacha)
Arm Rí Liam
(Dúitsigh, Briotanaigh, Danmhargaig agus Trúpaí na nUgóineach Francach)
Ceannasaithe
Marquis de Saint Ruth Godert de Ginkell
Slua
18,000 20,000
Taismigh
4000 básanna. 3/4000 gabháilte nó in easnamh 3000
† Fuair bás sa choimhlint

Tharla Cath Eachroma le linn Chogadh an Dá Rí (nó Cogadh Rí Liam) ar an 12 Iúil 1691. Maraíodh suas le seacht míle duine ann in aon tráthnóna amháin. Ina measc siúd bhí tuairim is 2,000 de lucht tacaíocht Ri Liam, mar aon leis na mílte de lucht tacaíochta Rí Shéamais. Ba chath cinniúnach é, mar is de bharr an chatha seo a rinneadh Conradh Luimnigh agus a tharla a lán eile ina dhiaidh---na Péindlíthe agus riar na hÉireann idir 1691 agus 1922.

Is reilig mhór í Ármhá Eachroma ach ar chúiseanna éagsúla is beag athrú a rinneadh ar an bpáirc go dtí le fíorghairid. Sa bhliain 1970 chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe bóthar mór trí lár na páirce catha. Anois tá ollbhóthar Bhéal Átha Slua go Gaillimh le bheith díreach in aice na páirce agus í ag dul trasna cuid bheag di.

Réamhscéal[athraigh | edit source]

Seasamh cosanta a bhí ag na Seacaibítigh i samhradh na bliana 1691.[1] I rith na bliana roimhe sin chúlaigh siad taobh thiar d'Abhainn na Sionainne, a bhí ina móta timpeall Chúige Chonnacht, agus daingin i Sligeach, i mBaile Átha Luain agus i Luimneach ag cosaint na mbealaí isteach. Ón ionad seo, bhí na Seacaibítigh ag súil le cúnamh míleata a fháil ó Louis XIV na Fraince trí na bailte port, agus, ar dheireadh thiar thall, a bheith in ann an chuid eile den tír a athghabháil.

D'éirigh le Godert de Ginkell, ginearál Ollannach (agus céad Iarla Bhaile Átha Luain), dul trasna Abhainn na Sionainne agus an líne chosanta a shárú ag Baile Átha Luain. Ghabh sé an baile mór le léigear ach maraíodh mórán. Theip ar Mharcas St Ruth (Charles Chalmont), an ginearál Seacaibíteach, teacht roimh an namhaid in am toisc é a bheith ag cruinniú a chuid saighdiúirí, ag fáil fir nua i measc na ropairí, agus ag bailiú fir eile ó na huaisle áitiúla.

Ghluais Ginkel síos an bóthar mór chun Luimnigh agus Gaillimhe, ach tar éis dó Baile Átha na Sluaighe a chur de fuair sé arm St Ruth roimhe ag Eachroim ar 12 Iúil 1891. Bhí timpeall 20,000 fear i ngach arm. Gaeil ab ea formhór arm St Ruth, agus bhí Sasanaigh, Albannaigh, Danair, Ollannaigh, Úgóinigh de chuid Chonradh Augsburg agus Protastúnaigh ó Chúige Uladh in arm Uilliam.

Chuir St Ruth a chuid coisithe ina líne ar dhroim Chill Chumadáin, áit a raibh fálta agus clathacha. Bhí portach ar thaobh na láimhe clé agus cabhsa a raibh sráidbhaile Eachroma agus seanchaisleán os a chionn. Chuir St Ruth an chuid ab fhearr de na coisithe ar an gcliathán eile faoi cheannas an Ridire de Tessé (Philibert-Emmanuel de Froulay), a leascheannaire, in éineacht le formhór an mharcshlua faoi cheannas Phádraig Sairséal.

An cath[athraigh | edit source]

Thug Ginkel iarracht ar bhreith d'ionsaí leataoibh ar an gcliathán oscailte le coisithe agus marcshlua. Chúlaigh siad roimh fhrithionsaí tréan, agus thalmhaigh fórsaí Uilliam ar chúl stácaí mar chosaint ar an marcshlua. Fágadh na hÚgóinigh gan chosaint ar ísleán agus maraíodh neart acu in áit a dtugtar "Log na Fola" anois uirthi.[2] Ansin d'ionsaigh coisithe Uilliam, faoi cheannas Aodh Mac Aoidh, na Seacaibítigh ar dhroim Chill Chumadáin, áit a raibh sraith trinsí, ach ba chrua é a gcás mar tar éis dóibh trinse amháin a ghabháil bheidís faoi lámhach na ngunnaí ón gcéad trinse eile. Rinne na coisithe úd, dream ar Shasanaigh agus Albannaigh a bhformhór, trí ionsaí, agus ba é an chéad cheann a thug an t-achar ab fhaide iad. Bhí orthu cúlú faoi dheireadh, áfach, agus an marcshlua ina ndiaidh. Thug siad an portach orthu féin, áit ar maraíodh nó ar bádh cuid mhaith acu. D'éirigh leis na Seacaibítigh roinnt gunnaí de chuid na namhad a spícéail.

Ní raibh de rogha ag Ginkel ansin ach iarracht a dhéanamh ar dhul ar aghaidh ar an gcabhsa. Ba chóir gurbh fhurasta teacht roimhe agus na cosantóirí chomh tréan sin sa chaisleán. Chuir Mac Aoidh an lucht ionsaí, ar mharcshlua a bhformhór, ar aghaidh ina dhá dhream, ceann acu ag teacht feadh an chabhsa agus ceann eile ag teacht sa treo céanna theas. Ar dtús chuir na cosantóirí ina gcoinne go géar, ach fuair siad amach ansin nár oir a gcuid piléar breise do na muscaeid Fhrancacha a bhí acu, agus nuair a thug reisimint Angla-Ollannach ruathar eile faoi cheannas Henri de Massue (céad Iarla na Gaillimhe) bhain siad amach sráidbhaile Eachroma gan líon mór fear a chailleadh.[3]

Bhí marcshlua ann faoi cheannas an Choirnéil Anraí Lutrell mar chúltaca chun an cliathán a chosaint, ach d'ordaigh Lutrell dóibh cúlú, agus ba ghearr go raibh ar gharastún an chaisleáin géilleadh. Bhí siad á rá go bhfuair Lutrell breab ón namhaid, agus dúnmharaíodh i mBaile Átha Cliath dá bharr é.

Is dócha gur chreid St Ruth gurbh fhéidir an namhaid a chloí, ach fad is a bhí sé ag iarraidh marcshlua na láimhe clé a athchruinniú chun go gcuirfidís ruaig ar mharcshlua Uilliam bhain caor ordanáis an ceann de, rud an bhain an misneach dá chuid fear. Bhain siad na cosa as agus b'fhurasta d'fhórsaí Uilliam teacht timpeall ar na fórsaí Seaicibíteacha. D'aithin Seacaibítigh an chliatháin dheis gurbh fhearr teitheadh ná seasamh, cé go ndearna Sairséal iarracht cúlgharda a chur idir iad agus an namhaid. Bhí cosantóirí Chill Chumadáin timpeallaithe faoin am seo agus thug siad do na boinn é, ach d'fhág an namhaid a gcoirp spréite go tiubh ar an gcnoc.

Toradh an chatha[athraigh | edit source]

Tá a lán meastachán déanta ar an líon fear a maraíodh. Is é an tuairim is coitianta gur maraíodh timpeall 7,000 fear, agus déarfadh daoine éigin gur chaill lucht Uilliam a oiread is 3,000,[4] ach deir staraithe eile gur maraíodh idir 1,000 agus 2,000 duine acu agus gur chaill na Seacaibítigh timpeall 4,000.[5][6] Chaill na Seacaibítigh mórán oifigeach agus cailleadh roinnt mhór dá lón cógaidh, agus tugadh Eachroim an áir ar an gcath.

D'fhág an méid seo gurbh é Cath Eachroma cath na cinniúna sa chogadh. Ghéill Gaillimh ar choinníollacha maithe, agus ghéill príomharm na Seacaibíteach de réir choinníollacha Chonradh Luimnigh tar éis léigir ghearr sa bhliain 1691.

An láithreán[athraigh | edit source]

Thosaigh conspóid in Éirinn faoi phlean chun Mótarbhealach M6 a thógáil trasna cuid de mhachaire an chatha. Chuir lucht timpeallachta, staraithe agus baill den Ord Oráisteach i gcoinne an phlean, ach d'oscail an mótarbhealach sa bhliain 2009.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Histoire de l'Irlande ancienne et moderne: tirée des monumens les ..., Volume 3 Par Mac-Geoghegan (James, abbé) lgh 743-747. Aistriúchán: The History of Ireland, Ancient and Modern, Taken From the Most Authentic Records, and Dedicated to the Irish Brigade. By the Abbe Mac-Geoghegan. Tr. From the French by Patrick O'Kelly. ISBN 13: 9781425566388 ISBN 10: 1425566383
  2. Léarscáil stairiúil de chuid Shuirbhé Ordanáis na hÉireann.
  3. "[The] fire from the castle on the right. . . was insignificant for it slew but a few in the passage. The reason of it was given because the men had French pieces, the bore of which was small and had English ball which was too large." "Plunkett's Jacobite account", luaite in Boulger, Demetrius C., The Battle of the Boyne, Martin Secker, London, 1911, lch 238.
  4. Piers Wauchope, Patrick Sarsfield and the Williamite War, lch 232
  5. Féach McCoy, lch 267.
  6. Deir Pádraig Lenihan in Consolidating Conquest, Ireland 1603-1727, lch 186, nach mór a chur san áireamh "one fifth of the estimated 20,000 strong Irish army and at least 1,200 Allies killed in the opening attacks".

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Boulger, Demetrius C. The Battle of the Boyne, Together with an Account Based on French & Other Unpublished Records of the War in Ireland 1688-1691 Martin Secker, London, 1911.(Ar fáil mar pdf)
  • Waudchope, Piers.Patrick Sarsfield and the Williamite War, Dublin 1992.
  • Simms, J.G.. Jacobite Ireland, London 1969.
  • Hayes McCoy, G.A.. Irish Battles, Belfast 1990.
  • Ó Ciardha, Éamonn , Ireland and the Jacobite cause - a Fatal Attachment, Dublin 2002.
  • Lenihan, Pádraig. 1690, Battle of the Boyne, Tempus, 2003.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Íomhánna[athraigh | edit source]