Cath Chnoc Fíodh na gCaor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Chnoc Fíodh na gCaor
Cuid de Éirí Amach 1798 in Éirinn
Cath Chnoc Fíodh na gCaor
Dáta: 21 Meitheamh 1798
Áit: Cnoc Fíodh na gCaor, Inis Córthaidh, Contae Loch Garman, Éire.
Toradh: Bua ag lucht na Breataine.
Céilí comhraic
Na hÉireannaigh Aontaithe Arm na Breatiane
Ceannasaithe
Anthony Perry
John Murphy
Myles Byrne
William Barker
Mogue Kearns
Gerard Lake
Francis Needham
William Loftus
James Duff
Sir David Dundas, 1ú Bairnéad David Dundas
An Ginearál Wilford
Slua
~20,000 ~18,000
Taismigh
500–1,000 marbh (mná agus paistí san áireamh) 100 marbh (ar a laghad)

Cath a troideadh ar Chnoc Fíodh na gCaor, cnoc íseal lámh le hInis Córthaidh, Contae Loch Garman, 1798 ar an 21 Meitheamh. Bhí Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe (nó Éirí Amach 1798) ag teacht chun deiridh agus tháinig Arm na Breataine faoi cheannas an Ghineráil Gerard Lake suas go campa na nGael ar an gcnoc. Bhí timpeall 20,000 saighdiúr faoina cheannas agus thimpeallaigh sé na Gaeil. Bhí mná agus páistí i measc an 20,000 Gael ar an gcnoc. Rinneadh ionsaí ar an gCnoc i mbáisteach throm le gunnaí móra ar feadh cúpla uair an chloig. Ní raibh ach pící ag go leor de na Gaeil, agus buaileadh iad gan stró. Theith formhór na méirleach ach rinneadh slad orthu siúd a bhí leonta agus ar mhná agus leanaí.

Rinneadh ár uafásach ar fud Chontae Loch Garman tar éis an chatha agus cuireadh ceannairí an Éirí Amach chun báis: Bagenal Harvey, Cornelius Grogan, Mathew Keogh agus Anthony Perry. Baineadh na cloigne díobh agus sádh ar phící iad lasmuigh de theach na cúirte i mbaile Loch Garman. Gabhadh an tAthair Ó Murchú i gCeatharlach, baineadh a chuid éadaí de, tugadh lascadh dó, crochadh é agus dícheannadh é. Dódh a chorp i mbairille.

Cuireadh cuid mhaith díobh siúd a ghlac páirt san Éirí Amach go dtí an Astráil.