Cath Boyacá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Boyacá
Cath Boyacá

Péinteáil Chath Boyacá, neamhspleáchas na Cholóime, Veiniséala, Eacuadór agus Phanama ón Spáinn a bhí de thoradh air. Ar taispeáint i bPálás na Cónaidhme, Caracas, Veiniséala.

Dáta: 7 Lúnasa, 1819
Áit: Boyacá, An Cholóim
Toradh: Bua poblachtach
Céilí comhraic
*Arm na gcomhalta neamhspleách.
*Óglaigh ón gcoigrích
*Flag of Spain.svgArm ríoga
Ceannasaithe
Flag of New Granada (1814-1816).svg Ginearál i gCeannas Simón Antonio Bolívar.
Flag of New Granada (1814-1816).svgGinearál i gCeannas BriogáideFrancisco de Paula Santander.
Flag of New Granada (1814-1816).svg Ginearál i gCeannas Briogáide Jose Antonio Anzoátegui.
Flag of New Granada (1814-1816).svg Ginearál i gCeannas BriogáideCarlos Soublette
Flag of Cross of Burgundy.svg An Cornal José María Barreiro .
Flag of Cross of Burgundy.svgAn Cornal Francisco Jiménez .
Flag of Cross of Burgundy.svgAn Cornal Sebastián Díaz

Fhorghníomhú na n-oifigigh Spáinneach

Slua
3430 2940
Taismigh
13 marbh, 53 gortaithe. 100 marbh, 150 gortaithe, 1600 gafa.

Ba é Cath Boyacá sa Cholóim, tír a dtugtaí Granada Nua uirthi tráth, an cath a chuir ar chumas na Colóime neamhspleáchas ón Spáinn a bhaint amach, cé gur lean an troid le fórsaí ríoga na Spáinne go ceann roinnt blianta eile.

Poblachtaigh Cholómacha agus Veiniséalacha a bhí in arm na gComhghuaillithe, mar aon le Léigiún Briotanach, agus an tArd-Bhriogáidire Francisco de Paula Santander agus José Antonio Anzoátegui i gceannas orthu. Taobh istigh de dhá uair an chloig threascair an t-arm sin fórsaí na naimhde, a bhí faoi cheannas José María Barreiro agus Francisco Jiménez, beirt choirnéal Spáinneacha.