An Chasaicis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Casaicis)
Infotaula de llenguaAn Chasaicis
қазақ тілі, қазақша, Qazaq tılı agus قازاق ٴتىلى

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais12,900,000 (2019)
Dúchasach doCasacstánaigh, Qinghai, Gansu, Xinjiang, an Chasacstáin, Bayan-Ölgii, Bukhara Region (en) Aistrigh, Jizzakh Region (en) Aistrigh, Navoiy Region (en) Aistrigh, Karakalpakstan (en) Aistrigh agus Sirdaryo Region (en) Aistrigh
Stáitan Chasacstáin, an Rúis, Daon-Phoblacht na Síne, an Mhongóil, an Úisbéiceastáin, an Tuircméanastáin, an Ghearmáin, an Chirgeastáin, an Tuirc, an Iaráin, an Asarbaiseáin agus an Úcráin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
teangacha Altaecha
teangacha Tuircice
Common Turkic (en) Aistrigh
Kipchak (en) Aistrigh
Kipchak–Nogai (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach, aibítir Arabach, aibítir Laidineach agus Kazakh Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheMinistry of Culture and Information of Kazakhstan (en) Aistrigh agus Ministry of Culture and Sports of Kazakhstan (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1kk
ISO 639-2kaz
ISO 639-3kaz
Glottologkaza1248
Ethnologuekaz
IETFkk

Is í an Chasaicis (Қазақ тілі/Qazaq tili) an teanga a labhraítear sa Chasacstáin. Teanga Thurcach, nó teanga Tuircice, atá ann, agus í gaolmhar leis na teangacha a labhraítear san Úisbéiceastáin, sa Chirgeastáin, sa Tuircméanastáin, san Asarbaiseáin agus sa Tuirc. Is í an Chasaicis "teanga stáit" na Casacstáine, ach san am céanna, is í an Rúisis an "teanga oifigiúil", agus iad siúd féin ar Casacaigh eitneacha iad, is fearr le cuid mhór acu an Rúisis a úsáid le haghaidh cumarsáid oifigiúil nó gnó. I dtuaisceart na tíre, tá an Rúisis i bhfad níos coitianta ná an Chasaicis, ós rud é go raibh inimirce na Rúiseach ansin an-láidir nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ann.

Baineann an Chasaicis leis an bhfoghrúpa de na teangacha Turcacha ar a dtugtar Kazakh-Nogay, rud a chiallaíonn gurb iad an teanga Nogay agus an Characalpaicis an dá theanga is gaolmhaire léi. Le fírinne, níl sa Characalpaicis ach canúint Casaicise a labhraítear san Úisbéiceastáin, ach mar ba dual dóibh, chruthaigh na húdaráis Shóivéadacha caighdeán scríofa ar leith do na Caracalpacaigh le ding a chur idir na dreamanna eitneacha éagsúla.

Cosúil leis na teangacha Tuircice eile, is teanga tháite í an Chasaicis, is é sin, tá a gramadach bunaithe ar iarmhíreanna gramadúla iliomadúla a "tháthaítear" don fhocal. Saintréith thipiciúil eile de chuid na dteangacha Tuircice eile é freisin comhtheacht na ngutaí. Is é sin, má bhíonn ceann de na gutaí cúil (a, o, u, y /ы/) i dtamhan an fhocail, beidh ceann acu siúd san iarmhír ghramadúil fosta, agus má bhíonn ceann de na gutaí tosaigh (e, i, ä /ә/, ü, ö) sa tamhan, beidh ceann acu san iarmhír chomh maith.

Labhraíonn 10 milliún duine Casaicis sa Chasacstáin féin. Thairis sin, tá mionlaigh shubstaintiúla Chasacacha sa Rúis (timpeall is leathmhilliún), sa tSín (dhá mhilliún) agus sa Mhongóil (dhá chéad míle).

Is í an aibítir Choireallach a úsáidtear leis an gCasaicis a scríobh inniu, cé gur baineadh triail as an aibítir Laidineach thiar sna fichidí, nuair a bhí an tAontas Sóivéadach ag iarraidh an cultúr forásach Iartharach a thabhairt isteach. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, caitheadh an aibítir Iartharach i dtraipisí, agus tháinig an aibítir Choireallach in úsáid ina háit go hoifigiúil sa bhliain 1940. Ba chuid é seo den dóigh ar éirigh saol polaitíochta na tíre go léir cineál paranóideach nuair a shealbhaigh Stailín an chumhacht. Roimh lá an tSóivéadachais, baineadh triail as na litreacha Arabacha freisin, agus is iad na litreacha a úsáideann Casacaigh na Síne inniu féin.


I Mí Dheireadh Fómhair 2006, d'fhógair Nursultan Nazarbaev, Uachtarán na Casacstáine, gur theastaigh uaidh an aibítir Laidineach a thabhairt isteach arís. Choimisiúnaigh sé tionscadal taighde le fáil amach, conas ab fhearr an t-athrú seo a chur i gcrích. Glactar leis go bhfuil an tír leis an aibítir a mhalartú sa deireadh, ós rud é gur mian leis na maithe is na móruaisle fáil réidh d'iarsmaí an choilíneachais Rúisigh agus an Chasacstáin a cheangal ní ba dhlúithe de chúrsaíocht na heacnamaíochta idirnáisiúnta. Ar 27 Deireadh Fómhair na bliana 2017, d'fhógair Nazarbayev go raibh leagan den aibítir Laidineach tugtha in oiriúint don Chasaicis agus go mbeadh rialtas na tíre ag baint úsáide as ar fud na tíre faoin mbliain 2025.[1]

Cúpla focal[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Сәлеметсіз бе (Sälemetsiz be) - Dia duit
  • Амансыз ба (Amansyz be) - Dia is Muire duit
  • Қалыңыз қалай? (Khalyngyz qalay) - Conas atá tú?
  • Қал қалай? (Khal qalay) - Conas atá na cúrsaí?
  • Қалым жаман емес (Khalym zhaman emes) - Nílim go dona
  • Ρақмет (Rachmíet) - Go raibh maith agat

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]