Carr armúrtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carr armúrtha

Is éard is carr armúrtha (nó carr iarnaithe[1]) ann ná feithicil le tiomáint ceithre roth, armúrtha go héadrom, cosanta i gcoinne piléir mionarm, armtha le meaisínghunna nó canóin ar thomhas beag i dtúirín rothlaithe. Bhí carbaid phlátáilte le hiarann, agus crosbhoghdóir ar an ardán, ag na Sínigh san 11ú céad, na carranna armúrtha is luaithe sa stair. Saothraíodh na chéad charranna meicniúla armúrtha rud beag roimh 1914, agus is ionann a ról inniu is sa chéad chogadh domhanda: taiscéalaíocht agus cosaint an chúil.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): Carr iarnaithe” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-02.
  2. Hussey, Matt (2011). "Carr armúrtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 119.