Carlos Slim
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Fiontraí gnó Meicsiceach is ea Carlos Slim (Cathair Mheicsiceo, 28 Eanáir 1940). Is é Carlos Slim Helú a ainm ina iomláine de réir nós na Spáinnise (Helú sloinne a mháthar). Is de shliocht Críostaí Liobánach é. Chruinnigh sé an chuid is mó den rachmas atá aige ag infheistiú sna meáin chumarsáide, idir thraidisiúnta agus leictreonacha. Áirítear Slim ar na daoine is saibhre ar domhan: thug sé seal sa chéad áit uaireanta le blianta beaga anuas i gcomórtas de shaghas le Bill Gates, ach aithníonn an iris Forbes é mar an tríú duine is rachmasaí faoi láthair.
Sa bhliain 1997 cheannaigh Carlos Slim Prodigy, soláthraí seirbhísí Idirlín. Sa bhliain 2008 cheannaigh sé 9.1 milliún scaireanna sa New York Times.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |